Blagmhír inniu faoin bhfocal ponc.
An focal i dteangacha eile:
Gaeilge Ponc, Béarla point,
Gàidhlig pong/punc, Breatnais pwnc, Laidin punctum.
Sna lámhscríbhinní agus sa cló ghaelach feictear ponc a chuireann séimhiú in iúl. Seo cheann thar thúslitir ‘fhir’:
Punctum delens an t-ainm (Laidin) atá ar an gcineál ponc sin. Is éasca an nasc idir delens agus delete Bhéarla an lae inniu a fheiceáil. Ar dtús úsáideadh an ponc sin le rá go raibh litir mícheart sa téacs. Tuigeadh éinne a bhí á léamh gan an litir a fhuaimniú. Sa bhealach sin shleamhnaigh an punctum delens isteach mar shéimhiú ar s agus f ar dtús, toisc go n-imíonn na litreacha sin agus iad séimhithe.
Athbhlagáladh an mhír seo ar An Tuairisceoir.