An Chaointeoireacht

Bhí an-tábhacht tráth le traidisiún na caointeoireachta in Éirinn ach sa lá atá inniu ann tá sé imithe ón ár gcultúr. Céard a tharla do agus céard a bhí i gceist leis?

 

Nuair a thosaigh muid ag déanamh staidéar ar an gcaointeoireacht san ollscoil, caithfidh mé a admháil nach raibh mórán ar eolas agam faoi. Mhothaigh mé mar turasóir i mo thír féin, gan eolas ar bith agam faoin sean-chleachtadh sin. Léigh mé cur síos muintir Hall air, chomh maith le cuntais eile agus, d’éinne acu nach bhfuil fhios agaibh, déanfaidh mé cur síos ar an méid a bhíodh i gceist leis.

 

Ciallaíonn ‘caoineadh’ dán labhartha a bhíodh á rá ag mná ag tórramh, roimh sochraid. Leagadh an corpán amach ar an mbord agus cuireadh línéadach báin air. Ansin shúigh na mná ar na dhá thaobh agus thosaigh an caoineadh. Bhíodh deasghnáth ag baint leis. Bhog siad a gcorp, chuir siad a lámha suas uaireanta agus rinne siad gol glórach le chéile, mar ghrúpa. Ansin thosaigh an ceannaire, an bhean chaointe agus ag deireadh chuile rann bhí na mná eile réidh leis an gol glórach a dhéanamh arís. Dá mbeadh aon bhean eile le bua na caointeoireachta, bhíodh seans aici rann a dhéanamh ach in oiread.

 

Bhuel ar ndóigh, mar pháiste den fichiú aois, ní raibh a leithead seo feicthe agam i mo shaol agus ní beidh go deo, glacaim. Ach nach bhfuil tábhacht faoi leith ag baint leis an sean-nós seo a téann siar i bhfad i stair an tír?

 

Is cinnte gur traidisiún é atá chomh sean leis na cnoic. Nuair a tháinig Giraldus Cambrensis anseo sa 12ú aois scríobh sé a Topographia Hiberniae agus bhí cuntas faoi nós na caointeoireachta agus téann tagairtí eile ar ais go dtí an 8ú aois. D’fhoghlaim mé ina theannta sin nach iad Éireannaigh amháin a rinne an traidisiún seo. Is beag cearn den domhan agus is beag cultúr agus teanga nach raibh nós na caointeoireachta le fáil ann tráth. In alt darb ainm ‘Caointeoireacht an Chine Daonna’, phléigh an béaloideasóir Séamas Ó Catháin stair an chaointe. San alt leanann sé an caoineadh ón Iliad féin, ó cur síos a rinne Arastotail air sa Ghréige fadó, agus déanann sé cur síos chomh maith ar chaointe sa Rúis, an Ghréig, san Albáin, sa Bhulgáir agus i mórán áiteanna eile mar iad.

 

Mar sin, más traidisiún a thagann ón Sean-Ghréige agus a bhíodh le feiceáil ar fud an domhan, agus ceann a bhí fós beo nuair a tháinig muintir Hall i lár an 19ú aois, céard a tharla le traidisiún na caointeoireachta in Éirinn?

 

Bhuel crosadh go minic é ó na meánaoiseanna ag Comhairle na hEaglaise. Agus fiú sa bhliain céanna is a bhí T. C. Croker ag bailiú dánta agus ag scríobh faoi nos na caointeoireachta, bhí sagairt ag rá nach raibh sé ceart agus go raibh sé “wicked, wasteful and disgraceful” (Fr. Horgan, Blarney). Fós, áfach, bhí an nós beo. D’éirigh leis an Gorta Mór áfach san áit ar theip ar an Eaglais agus le breis is 1,000,000 marbh ón uasaicme, agus an athrú saol a lean é, stop an caointeoireacht. Tá níos mó istigh de sin maidir le cos ar bholg/impiriúlachas ach níl mé ag iarraidh go mbeadh an t-alt seo rófhada!

 

Nach íorónta go bhfuil an caoineadh anois tar éis bás agus nílimid in ann é a chaoineadh … !

Advertisements

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s