Teangacha i mbaol

Image

Rinne mé an léaráid thuas ó abairt a léigh mé in alt atá ar líne anseo.

Bhí mé ar an ollscoil sular thuig mé i gceart gur mionteanga í an Ghaeilge cosúil le haon mhionteanga eile ar an domhan seo agus go bhfuil siad uilig ag fáil báis.

Is próiseas simplí é. Ar chúiseanna éagsúla, bíonn chumhacht ag cainteoirí na teanga is mó i gcónaí. I gcás Éire is í sin an Béarla, dar ndóigh. Bíonn brú ar cainteoirí na Gaeilge an teanga cheannasach a úsáid, in ionad an mhionteanga.

Tugtar iompú teanga (language shift) ar an athrú sin ó mhionteanga go teanga atá níos cumhachtaí ná í. Tarlaíonn iompú teanga nuair atá dátheangachas éagobhsaí (unstable bilingualism) i. nuair a úsáidtear níos mó ná teanga amháin, ach bíonn ceann amháin acu níos láidre agus úsáidtear níos minice í, go dtí go bhfuil ról na teangacha atá i mbaol go hiomlán tógtha ag an teanga eile sin. 

Sa bhealach seo, mar thoradh den mórcheannas (hegemony), neamhshuim agus de chúiseanna eile, imíonn teangacha.

Tá i bhfad níos mó le rá ar an ábhar seo, ach tá fhios agam nach bhfuil mé in ann an cás ar fad a plé in alt amháin. Níl mé críochnaithe (níl mé fiú tosaithe!) ar an méid atá le scríobh ar an ábhar. Tiocfaidh mé ar ais le ceisteanna mar sin: 

  • Cén fáth go bhfuil teangacha i mbaol?
  • An bhfuil sé nádúrtha go n-imeodh teangacha? An cheart dúinn rúaí a dhéanamh faoi?
  • Cén tábhacht atá ag teangacha maidir le cultúr de?

 

 

Advertisements

2 thoughts on “Teangacha i mbaol

  1. dochara May 21, 2013 / 2:42 pm

    Aontaím leat a chara Ghaeil, agus tá mé ag dúil go mór le do fhreagraí ar na ceisteanna sin. Rinne mé obair chúrsa don ollscoil ar Ghaeilge na hAlban agus bás teange. Ach maidir leis an Ghaeilge…ní féidir a sheachaint go bhfuil todhchaí na Gaeilge ag brath ar Phoblacht na hÉireann mar a croílár. Mar go háirithe i dTuaisceart na hÉireann sa lá atá inniu ann, tá sé soiléir go bhfuil gné na féiniúlachta níos tábhachtaí na gné an chumarsáide. B’fhéidir go bhfuil sin an fáth do meath an teanga..

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s