CPNG, Léargas ó Chailín Gaelach.

Yup

Chuaigh mé go Comórtas Peile na Gaeltachtaan tseachtain seo caite. Bhí sé ar siúl i nGaeltacht na Rinne agus bhí mé ag dul ann mar ‘Chailín Gaelach’, mar chuid de chomórtas an Chailín Ghaelaigh.

Théis an réamh-babhta a dhéanamh, nuair a rinneadh ‘cailín’ dom (nath amscaí ansin!)  chonaic mé alt a scríobh Tomaí Ó Conghaile ag cáineadh an chomórtais sin. Scríobh mé ar ais chuige go tapa ansin agus tar éis cúpla uair a chloig bhí an beirt againn ar Raidio na Life ag caint lena chéile, agus an lá dar gcionn ar Cormac ag a  5! Píosa spraoi a bhí ann ag deireadh an lae.

Théis a bheith ag caint faoi an oiread sin bhí mé ag súil go mór le dul ann.

Dúradh liom go mbeadh orm fanacht i dteach leis na Cailíní Gaelacha eile agus tharla sé bhí sé ar fheabhas! Chuamar go léir go Mooney’s le chéile, áit a bhí an-craic againn. Nuair a fuaireamar sceallóga le chéile ag 2am bhí a fhios agam go raibheamar ar aon dul lena chéile agus go raibh cúpla lá don chéad scoth i ndán dom.

Bhí an coiste a d’eagraigh an rud uilig go hiontach ar fad, táim fíor-bhuíoch dóibh. Bhí laethanta go hiomlán plódaithe eagraithe ag an gcoiste dúinn, chuamar timpeall na háite ar thurais staire, bhí béilí blásta againn, agus caitheamar go leor ama le chéile.Faoin am an comórtas ar an Domhnach bhí an-aithne go deo againn ar a chéile.

Bhuaigh Deirdre  (an chailín ansin sna bristí gorma) Is as Rathcairn dí, agus bhí sí ann don chlub Clann na nGael. Is cailín álainn í agus bhí mé an-sásta di.

Ach ag filleadh ar an gceist, an cheart go mbeadh an comórtas ar siúl ar chor ar bith?

Ní fheicim cén fáth nach mbeadh. Bhí trí mholtóirí ann agus ní raibh ach ceann amháin acu ina bhfear. Ní raibh an comórtas bunaithe ar muidne ar an stáitse amháin ach in oiread, bhí orainn agallamh a dhéanamh leis na moltóirí roimh ré, agus ansin rinneamar an cuid ós cionn an slua don chraic.

Níor mhothaigh mé gur ‘beauty pageant’ a bhí ann.

Bheinn an-sásta dá mbeadh buachaill agus cailín as chuile fhoireann, áfach, agus measaim go n-athródh é sin ton an chomórtais. Céard a cheapann sibh?

Ar an Luain chaith Deirdre an liathróid isteach don chluiche ceannais agus shuíomar uilig faoin ngriain, sásta agus traochta théis deireadh seachtaine den chéad scoth. Bhuaigh Gaoth Dobhair agus ansin chuaigh mé abhaile, go hiomlán scriosta agus go hiomlán sásta!

Advertisements

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s