Dán Eile

Agus mé ar an ollscoil bhí mé in ann mo chuid scríbhneoireacht a fheiscint sna hirisí ar champas. Fiú taobh amuigh de Tríonóide, bhí i gcónaí daoine ann go mbeinn in ann labhairt le faoina gcuid scríbhneoireachta. Sa chaoi sin, mhothaigh sé tábhachtach agus ábhartha.

Airím uaim é sin i Londain, ní bhíonn na hirisí agam, nó an caint sin, ní bhíonn sprioc agam sa bhealach céanna, agus ní bhím ag scríobh chomh minic.

Dom féin a spreagadh táim chun na dánta a dhéanaim a fhágail anseo. Fiú mura léann éinne iad, tá sé deas go bhfuil mé ag cur leis an mionlach beag den idirlíon nach bhfuil déanta as porn nó grianghraif de chait.

Image

An Óige
Mol an óige agus tiocfaidh sí.

Labhair leo agus cloisfidh siad.
Bí gan ionadh nach n-éistíonn siad.

S’ nuair a fhilleann do dheirfiúirín oíche fhliuch, trína chéile,
tar éis do chomhairle, do thrust, is do ghrá a shéanadh,
tóg i’d bhaclainn í, ná lig di
preabadh amach an fhuinneog
leis na snaganna móra ag teacht óna croí.

Éist léi agus labhróidh sí.
Beidh am don fhearg, agus nuair a thagann an t-am sin
ní bheidh aon fhearg fágtha.

Bíodh ionadh álainn ort nuair a ardaíonn a ceann cromtha
agus lena súile lán le salann ‘s a gruanna fliucha,

go dtagann na focail seo óna béal caol:
‘Ní thagann ciall roimh aois.’

Coimeád greim uirthi, agus tiocfaidh sí ar ais
arís is arís.

Advertisements

3 thoughts on “Dán Eile

  1. miseciara January 9, 2014 / 2:07 pm

    Hi Reinhard! Tá mé ag obair i Dorling Kindersley mar eagarthóir agus ag déanamh iarrachta chuid eile den domhan seo a fheiceáil 🙂

  2. ReinhardSchaler January 11, 2014 / 12:37 pm

    Dia duit Ciara! Fuaimeanna cosúil le saothar i ndáiríre suimiúil! Ní mór duit a chur ina luí orthu a leabhair níos mó a fhoilsiú i nGaeilge 🙂

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s