Maratón Bhaile Átha Cliath

Tagann an focal maratón ón mbliain 490 RCh nuair a bhí cogadh ar siúl i mbaile darb ainm Maratón. Rith fear darb ainm Pheidippides an 26 míle ó Maratón go dtí an Aithin, scaip sé an scéal go raibh siad tar éis an cogadh a bhuachaint, agus fuair sé bás láithreach.

Beidh mé ag rith i Maratón Bhaile Átha Cliath i gceann seachtaine agus tá súil agam nach bhfuil mé chun bás a fháil, ach le bheith cothrom, bhí Pheidippides tar éis a bheith ag troid sa chogadh chomh maith, an fear bocht.

Ní raibh cead i gcónaí ag mná páirt a ghlacadh sa mharatón, dar ndóigh. Cheaptaí go raibh an t-achar ró-fhada dúinn. Ach le blianta chuaigh mná cróga i gcoinne na rialacha seafóideacha agus faoi dheireadh athraíodh iad. Níos lú ná caoga bliain ó shin rith Kathrine Switzer an maratón i mBostún agus rinneadh iarracht í a stopadh, mar atá le feiceáil sna grianghraif thíos.

marathon woman

An gcreidfeá a leithéid?!

Níl mo chuid tréanála ag dul ró-dhona… ní raibh mé ag déanamh achair fada an t-am uilig ach rinne mé 30km an tseachtain seo caite, mar sin tá súil agam go mbeidh mé in ann an rás a chríochnú ar aon nós! Is é seo an chéad uair go mbeidh achar chomh fada seo á rith agam agus táim neirbhíseach.

Ach, an reathaíocht féin fágtha ar lár, tá fadhbanna eile a chuireann isteach orm go mór (rabhadh: cur síos PIANMHAR ag teacht).

Bíonn cloig nua ar mo chosa gach lá, cloig ar chloig eile fiú, ní cuimhin liom conas a raibh saol nuair a bhíodh mó chosa gan chloig, i ndairíre.

Níl mé chun mórán cur síos a dhéanamh faoin bhfadhb eile, seachas an dá phictiúr seo a thaispeáint, agus a rá go dealraíonn sé domsa go bhfuil cúrsaí níos measa arís nuair is bean thú.

pian

Ow.

Tá an maratón seo á rith agam ar son mo chara Pádraig Schaler. Mura chuala tú an scéal cheana, gortaíodh go dona é nuair a bhuail veain é agus é ag rothaíocht ag tús an tsamhraidh 2013. Is scannal ceart é nach raibh an comhlacht árachais sásta an t-airgead cuí a íoc don chlann le aire a thabhairt do Phádraig (an scéal anseo). Tá sé in oispidéal sa Ghearmáin faoi láthair agus a tá a thuistí tar éis bogadh chuig an tír, ag teacht ar ais go Éire nuair is gá dóibh i gcomhair obair nó a leithéid.

Dá mbeadh éinne sásta cúpla euro a thabhairt dom, bheinn fíor-bhuíoch. Ní neart go cur le chéile, agus dhéanfadh gach cúig euro difríocht ollmhór. Tá an leathanach anseo.

Go raibh míle míle maith agaibh as é seo a léamh!

Tuilleadh eolais le fáil ag http://caringforpadraig.org/

Advertisements

4 thoughts on “Maratón Bhaile Átha Cliath

  1. clggodeo October 23, 2014 / 11:53 am

    Go n-éirí go geal leat!

    • miseciara October 23, 2014 / 11:56 am

      Grma! Beidh blagmhír eile faoi i ndiaidh, is dócha!

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s