Cad is brí le klittra?

Tá focal nuachumtha ag muintir na Sualainne i gcomhair… bhuel is deacair cur síos a dhéanamh ar an rud a bhfuil focal nua acu air, toisc nach bhfuil focal againne air i nGaeilge. Ach leanfaidh mé orm!

klittra

Tá an Swedish Association for Sexuality Education (RFSU) tar éis focal nua a chumadh: klittra. Is meascán é idir na focail klitoris (clitoris) agus glittra (glitter). Ciallaíonn sé female masturbation. Dealraíonn sé go bhfuiltear ag iarraidh go mbeadh daoine in ann labhairt faoin gcoincheap go héasca, agus sin an fáth a chum siad an focal.

Chuir an eachtra sin ag smaoineamh mé ar stórfhocal na Gaeilge don ábhar céanna.

Sa chéad dul síos, tá an focal brillín in úsáid le fada an lá ag mo chairde, ach níor bhreathnaigh mé ar an bhfocal riamh sa bhfoclóir. (Ní rómhinic a tharlaíonn go mbíonn foclóir sa lámh agat agus brillín már ábhar cainte. Deirtear gur tharla sé uair amháin ag Oireachtas na Samhna 1997 ach cá bhfios.)

brillín

Cé nach bhfuilim róthógtha leis an tarna iontráil, ar a laghad tá focal againn.

Céard faoi masturbation?

Is olc an focal é ‘féintruailliú’. Déanann sé nasc idir an Ghaeilge agus smaointe náireacha seanfhaiseanta, nuair nach ceart aon nasc a bheith ann.

Tá ‘glacaireacht’ ann:

glacaireacht

Feicimid arís go mbíodh ‘truailliú’ mar chuid de, ach buíochas níl sé sin le fáil ar focal.ie.

Agus ar léigh mé an nath ‘féile láimhe’ tráth? Taitníonn sé sin liom!

Ach níl go leor smaointe agam. Beidh orm dul i dteagmháil le Coiste na Focal Nua le feiceáil an bhfuil aon mholtaí acu!

Agus fág trácht má tá aon smaointe agat!

Advertisements

4 thoughts on “Cad is brí le klittra?

  1. CríostóirOF January 7, 2015 / 6:49 pm

    Smaoineamh suimiúil é glacaireacht a léiriú ar bealach níos dearfaí, is fearr liom an téarma feis láimhe i nGaeilge.

    • miseciara January 8, 2015 / 11:20 am

      Ahh ‘feis láimhe’ seachas ‘féile láimhe’ a bhí cloisithe agam; grma!

  2. Maitiú January 16, 2015 / 3:19 pm

    Tá suaitheadh in úsáid sa nGaeltacht (do mhná amháin), cé nach bhfuil an bhrí sin in aon fhoclóir.

    Ach focal údarásach (a déarfadh dochtúir leat, mar a déarfá!) atá uait, ab ea?

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s