REIC – The Irish People’s Poetry Prize 2015

An tseachtain seo caite fógraíodh an gearrliosta don Irish People’s Poetry Prize 2015.

Dáréag atá ainmnithe, agus beirt a bheidh ag REIC ina measc: Eva O’Connor agus Séamus Barra Ó Súilleabháin. Comhghairdeas leo beirt!

Ach níor fhoilsigh mé blagmhír maidir le Séamus go fóillín.

Mura bhfuil cur amach agat air; saolaoídh i Londain é Séamus ach tógadh é i gCiarraí Thuaidh.

Sárfhile atá ann, a bhuaigh an All Ireland Poetry Slam sa bhliain 2011 (d’ainneoin nach raibh Gaeilge ag an gcuid is mó den lucht féachana).

Chuala mise den chéad uair é lá amháin agus mé ag feckáil timpeall ar YouTube agus is ormsa a bhí an t-iontas. Ó shin bhí an t-ádh orm é a fheiceáil agus é ar a bhuaic ag Electric Picnic, ag IMRAM, agus ag an gCabaret Craiceáilte.

Seo an dán dá chuid atá ainmnithe don Irish People’s Poetry Prize:

Advertisements

4 thoughts on “REIC – The Irish People’s Poetry Prize 2015

  1. powerofnaming February 22, 2015 / 9:24 pm

    Níl sé seo ar fáil i bhfoirm scríofa, an bhfuil? Is dócha go bhfuil níos mó merig tar éis teacht ar mo Ghaeilge labhartha ná a cheapas, bhí fíor-deacrachtaí agam le chuideanna a thuiscint.

      • miseciara April 1, 2015 / 7:59 pm

        Is cinnte go bhfuil cumas ar leith ag Séamus sa Ghaeilge agus go mbíonn dúshlán i gceist lena chuid filíochta a thuiscint scaití. Tá na focail faoin bhfíseán ar YouTube. 🙂

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s