Céard is brí le bolgchaint?

Chuala mé an focal bolgchaint den chéad uair inné.

An bhfuil a fhios agat céard is brí leis?

B’fhéidir an torann a chloistear go minic san oifig deich nóiméad roimh an lón, nuair atá gach éinne stiúgtha leis an ocras?

BOLG

Ní hea!

Seo leid duit: chuala mé an focal agus mé ag GaelGÁIRÍ i mBéal Feirste.
Bhí Sean T. O’Meallaigh ar stáitse le Pato, an puipéad atá aige.

Aindí, Mise, agus Sean, leis na puipéid Caoimhe an chaora agus Pato.
Aindí, Mise, agus Sean, leis na puipéid Caoimhe (an chaora) agus Pato.

Bhfuil tuairim agat go fóill?

An Béarla ar bholgchaint ná ventriloquism. Sin ceann de na focail atá úsáidte minic go leor, ach bheadh sé an-deacair teacht ar Bhéarlóir a mhíneodh duit cén fáth a gciallaíonn ventriloquism ‘duine ag caint le puipéad’.

Aistrithe ón Laidin, is é bolgchaint go díreach an bhrí atá le ventriloquism.

Venter =
 bolg
Seans go mbeadh cuimhne agat ar ventral agus a mhalairt, dorsal, ón mbitheolaíocht ar scoil.
Agus go deimhin an focal ventricle, mar a bhíonn sa chroí, tá an chiall ‘bolg beag’ leis sin.

Loqui = caint
Tá rian an fhocail sin le feiceáil in eloquentloquacious, agus colloquial.
Tá soliloquy ar eolas againn ar fad chomh maith – sin duine amháin (solo!) ag caint.

Advertisements

One thought on “Céard is brí le bolgchaint?

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s