Caint ar Leabhair

Bhí am ann nuair nár thaitin sé liom tuairimí faoi leabhair a nochtadh. Thuig mé (agus an ceart ar fad agam) go raibh daoine ann a bhí i bhfad níos mó cáilithe ná mise len é sin a dhéanamh.

Is fíor sin i gcónaí, ach dúirt duine liom “ach fós, is léitheoir thú, agus nach chuige léitheoirí a bhíonn leabhair?” (Mé in amhras faoi sin maidir le cúpla leabhar ach ghlac mé leis an argóint!)

Bhíos ar dhá chlár ag caint ar leabhair le déanaí (bhuel, le leathbhliain anuas!). Bheadh sé chomh maith agam a bhailiú in aon áit amháin.

An chéad phlé ná ar phodchraoladh ClubLeabhar.com.

Labhair an léiritheoir Ian Ó Caoimh liom féin agus leis an mBrasaíleach-mná Natália Danzmann faoi Splancanna ar Shaol Eile.

Is féidir teacht ar roinnt podchraoltaí eile ar an suíomh ClubLeabhar.com. Ní leanaim féin sceideal an tsuímh, ach bainim úsáid as an gcartlannle rudaí a aimsiú.

An dara plé ná ar an gclár Aon Scéal le Róisín Adams, clár ar Raidió na Life ar a dhéantar plé ar leabhair agus cúrsaí léitheoireachta.

Ní i gcónaí a dhéantar plé ar leabhair Ghaeilge ar an gclár. Bhí mé díreach tar éis an leabhar The Circle a chríochnú agus is é sin a bhí á phlé agam le Róisín.

(Thart ar 18:45 nóim anseo.)

Bíonn an oiread sin caint ar leabhair Bhéarla / caint trí Bhéarla ar líne… Tá an-mheas agam ar ClubLeabhar agus ar Aon Scéal as plé ar leabhair Ghaeilge / plé trí Ghaeilge a chur ar fáil go rialta.

 

Advertisements

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s