Imbolc 2016

Bhíos i nGaeltacht i Chorcaí i mí na Feabhra ag an bhféile Imbolc.

Tugtar “Ted talks na Gaeilge” ar an bhféile, a bhfuil sé i gceist aici “Inspioráid na Bliana” a sholáthar. Bíonn réimse leathan de chainteanna ann, ach seachnaítear cás na Gaeilge féin.

Déanann Imbolc taifead de na cainteanna ar fad, agus tá siad ar fáil ar an suíomh. Is áis iontach é.

Iarradh orm labhairt faoin bhfilíocht agus roghnaigh mé An Fhilíocht i Ré an Idirlín mar theideal na cainte.

Níl físeán den chaint a thug mé fhéin ar líne go fóill, ach foilsíodh alt bunaithe air ar Meon Eile.

Bhí Tuairisc i láthair, agus seo thíos an físeán a rinneadar.

Dhá rud faoin bhfíseán:

  1. Is ait liom mo ghlór fhéin a chloisteáil, go háirithe is dócha toisc mé i gCúige Mumhan. “Tá Tion~a~char age sin” a deirim. #goa
  2. Yeah bhí spuaic shlaghdáin orm i lár mo bhéil (FMS srl) ach cuma faoi sin seachas go n-úsáideann Maitiú Ó Coimín an téarma “mún luchóige” orthu siúd, agus cé gur deas liom é, ní thuigeann éinne mé nuair a úsáidim é… an dtuigfeása é?

Bhí deireadh seachtaine álainn agam, ag éalú ón gcathair in éineacht le cara liom.

Bhuaileamar le daoine nua, dítheamar bia den scoth, agus fuaireamar inspioráid, gan dabht. Tá sé ar intinn againn beirt filleadh an bhliain seo chugainn.

(Agus toisc go raibh mé fhéin páirteach sa bhféile, le cur síos neamhchlaonta ar an deireadh seachtaine a léamh, seolfaidh mé i dtreo Aonghuis sibh!)

Advertisements

One thought on “Imbolc 2016

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s