Idir Dhá Shruth – Clár faoi Frank O’Connor

Bhí sé de dheis agam páirt bheag a bheith agam i gclár iontach faoin scríbhneoir Frank O’Connor.

Bhí sé ar TG4 ar 11ú Deireadh Fómhair agus féidir breathnú air ar an seinnteoir go fóill anseo.

Ar an gclár chuaigh an Corcaíoch Liam Ó Muirthile timpeall na tíre ag bailiú eolais ar chodanna de shaothar O’Connor nach gcloistear trácht air go minic, go háirithe an fhilíocht a d’aistrigh sé ón nGaeilge go Béarla.

Bhí dearmad déanta agamsa go raibh Gaeilge ag O’Connor in aon chor, agus mé ag smaoineamh air mar ghearrscéalaí amháin.*

Ar aon nós, mar chuid bheag amháin den chlár léigh mise dán, rinne an banna ceoil IMLÉ amhrán, agus ansin chuir Liam roinnt ceisteanna orm féin agus ar Mharcus Mac Conghail faoina bheith ag scríobh sa dá theanga.

Thaitin freagraí Mharcuis liom, mar a thaitníonn go hiondúil!

*Mura bhfuil an gearrscéal ‘Guests of the Nation’ de chuid Frank O’Connor léite agat, léigh é! Is féidir teacht ar PDF de anseo.

falla1
Ceist
collagefalla
Freagra (cuid de ar aon nós!)
collagemarcus
Marcus ag rá san Eoraip go mbíonn meon níos oscailte ó thaobh rudaí a bheith i dteangacha eile…
Advertisements

2 thoughts on “Idir Dhá Shruth – Clár faoi Frank O’Connor

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s