REIC i gClub an Chonartha

Den chéad uair riamh bhí REIC ar siúl i gClub Chonradh na Gaeilge ar 17 Samhain.

postaer

Tar éis dom mo chos a bhriseadh le déanaí ní raibh mé cinnte an mbeinn in ann REIC a chur ar siúl ar chor ar bith.

Tharla, áfach, go ndeachaigh an-chuid daoine i dteagmháil liom ag rá go raibh spéis acu teacht agus saothar a roinnt, agus mar sin níorbh éigin dom an oíche a chur ar ceal!

Ardú meanma a bhí ann don bhean bhriste seo go raibh an oiread sin spéise ag muintir na cathrach don oíche.

7reic

Bhí mé ar bís ag tús na hoíche, ag súil leis na focail áille a chlositeáil (agus ag súil leis an teach a fhágáil, ní dhéanaim chomh minic céanna é anois agus an chos briste agam!)

Ar an lineup bhí filíocht ó Aindriú Mac An Rí, Stiofán Ó Briain, Colm P. Kirwan, Ronan Lynagh, Diarmuid Ó Mathuna, Caitlín Nic Íomhair, & Shane Fonda.

Léigh Yoseba Peña, file ó Thír na Bascach, dán de chuid Bernardo Atxaga agus léigh Colm Mac Gearailt aistriúchán Gaeilge de, iad ag malartú tar éis gach rann.

Roinn Colm chomh maith dán fada álainn a scríobh sé fhéin, agus sheinn agus chan sé dhá amhrán ar an ngiotar.

Bhí gigín gleoite againn ó Phádraig ‘Muipéad’ Ó Conghaile agus Fergal Moloney, leath den bhanna ceoil IMLÉ. (‘Imleath‘, nó díreach ‘Im’ na moltaí  a bhí ann mar ainm dóibh!) Dar ndóigh, d’eisigh IMLÉ a chéad albam i rith na míosa. Is breá liom go mór mór ollmhór é. (Seo ailt fúthu ar TuairiscNós, agus Broadsheet.)

Ag deireadh na hoíche bhí hip hop ó Oisín Mac Giolla Bhríde. Tar éis dom chuid de shaothar Oisín a fheiceáil ar líne thuig mé go raibh smaointe spéisiúla aige, agus thaitin a chur i láthair go mór leis an slua. Ag súil len é a fháil ar ais ag REIC!

Thapaigh mé fhéin an deis dán nua darb ainm He’s Just Not That Into You a thaifead, le cabhair ón slua. Táim tar éis leathanach poiblí “Ciara Ní É” a thosú ar Facebook agus is gá dom anois ábhar a thaifead le cur air!

Bhí freastal an-mhaith ar an oíche, agus cé gur fhág mé fhéin luath go leor, chuala mé go ndeachaigh cuid den slua ar aghaidh go dtí 5 ar maidin!

Míle buíochas do gach éinne a bhí i láthair. Bhí éagsúlacht dochreidte idir na ndaoine uilig a ghlac páirt… chas duine den lucht éisteachta timpeall orm ag deireadh na hoíche ag rá go raibh na seánraí uilig nach mór clúdaithe againn agus nach raibh in easnamh ach ‘rúinne beag throat singing!’

Tuilleadh pictiúir ar Facebook anseo.
REIC ar Twitter anseo.

 

 

Advertisements

One thought on “REIC i gClub an Chonartha

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s