Comhar

Rinne mé dearmad blagmhír a scríobh faoin lúcháir a bhí orm alt a bheith agam in Comhar na Samhna – agus m’ainm a bheith ar an gclúdach!

(Ní raibh spéis agam bheith ar an tríú leathanach riamh – oireann an chéad cheann go breá dom!)

Is faoi na gearrthóga a rinneadh ag REIC ag IMRAM a bhí an t-alt.

Ag caint ar Comhar – ba cheart dom an suíomh Portráidí a lua.

Cnuasach beo portráidí de scríbhneoirí comhaimseartha na Gaeilge atá in Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge, bunaithe ar shaothar ceannródaíoch Mháire Uí Mhaicín. Tá 107 scríbhneoir sa chartlann reatha agus beifear ag cur leis seo de réir a chéile.

Is fiú mór dul ag póirseáil ar an suíomh. Tá sé breac le heolas!

Chomh maith leis na pictiúir bíonn nóta beathaisnéise le gach ceann díobh, agus ábhar liteartha eile.

Tabharfaidh mé cuairt air anois le dán a aimsiú do #FilíochtnaMáirt amárach!

Advertisements

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s