An rud a tharlaíonn sa Chlub…

… uaireanta ní fhanann sé ann!

Nach méanar dom buaileadh leis an scríbhneoir Seán Mac Mathúna i gClub an Chonartha Dé Sathairn seo caite.

SeánMacMathúna

Oíche álainn a bhí ann, gnáth-oíche sa Chlub ar bhealach, nó sampla de na cineálacha oícheanta a bhfuil taithí agam orthu le nach mór deich mbliana anois.

Oíche ómóis do Sheosamh Ó Conchúir ba chúis leis an teacht le chéile.

Faraor tá cloiste againn ar fad go bhfuil fadhbanna ag an gClub. Cuireann sé buairt nach beag orm nuair a chloisim go bhfuil an Club i mbaol a bheith druidte má leanann cúrsaí ar aghaidh mar atá. Is áit an-speisialta í agus is mór an luach atá le lárionad mar é a bheith againn i lár na cathrach.

Reic mé fhéin mo dhán faoin gClub, agus d’inis Seán scéal faoin ngrianghraf de Dhún Chaoin atá in airde ar an mballa ann le blianta. Ní raibh a fhios agam riamh gur Seán a thóg agus b’iontach an scéal a chloisteáil, chomh maith le cúrsaí litríochta agus scríbhneoireachta a phlé leis. Tá an-mheas agam ar shaothar Mhic Mathúna agus bhí mé ar neamh ag éisteacht leis agus ag cur ceisteanna air.

Bhí seanchairde liom ann, Pádraig Schaler ina measc, agus bhí an áit ag preabadh le craic agus ceol don oíche ar fad agus bhí amhránaíocht fós ag dul ar aghaidh agus mise ag fágáil (ag an am céanna a bhím ag éirí a rith na seachtaine!)

❤    ❤    ❤    ❤   ❤

Advertisements

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out /  Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out /  Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out /  Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out /  Change )

Connecting to %s