Hup scraitheachaí!
Bhí Grindr, Saghdar ⁊ Cher ar siúl ar feadh trí oíche san International Dublin Gay Theatre Festival agus d’éirigh go maith linn!



Buíochas mór le foireann AerachAiteachGaelach as an gcúnamh an léiriú a chur ar siúl gach oíche gan stró, agus buíochas ollmhór do gach éinne a tháinig chun muid a fheiceáil.

Bhíomar sona sásta léirmheas ceithre réalt a fháilt – is féidir é sin a léamh anseo.
Agus nach deas go bhfuaireamar cúpla ainmniúchán ag móroíche na féile freisin. Beidh an seó seo ag dul ar an mbóthar… coinnígi súil amach!
