Faoi

Is file, gníomhaí, agus craoltóir í Ciara Ní É.

Bhí sí ar an liosta ‘100 Women Changing Ireland in 2022’ de chuid an Irish Examiner. Ise a bhunaigh an oíche mic oscailte REIC, a mbíonn filíocht ó bhéal, rap, ceol, scéalta, agus eile le cloisteáil ann. Tá a cuid filíochta léite aici i Nua-Eabhrac, i Londain, sa Bhruiséil, sa tSualainn, agus sa bhaile in Éirinn. In 2023 is Ealaíontóir Cónaithe í le UCD Scoil ICSF, roimhe seo leis an Dublin Fringe Festival 2022 & DCU 2020.

Roghnaíodh í don scéim ‘Introductions’ de chuid Poetry Ireland sa bhliain 2017, agus an bhliain dár gcionn d’eisigh sí sraith físdánta i gcomhar le hÁras Scríbhneoirí na hÉireann. Is ambasadóir anois í le hÁras Scríbhneoirí na hÉireann.

Chomhbhunaitheoir an chomharghrúpa AerachAiteachGaelach í, lena leathbhádóir Eoin Mc Evoy. Roghnaíodh togra leo don tsraith Abbey 5×5 2020, agus chuir siad dráma chun stáitse mar chuid den Dublin Fringe Festival 2021.

Foilsíodh saothar dá cuid agus aistí liteartha léi in irisí éagsúla, Icarus, Aneas, agus Comhar ina measc, agus sna díolamaí Bone and Marrow/Cnámh agus Smior, Queering the Green agus Washing Windows Too.

I measc a cuid coimisiún áirítear RTÉ TV, BBC Radio, TG4, agus Áras Scríbhneoirí na hÉireann.

*

Ciara Ní É is a bilingual poet, performer, playwright and screenwriter. The founder of REIC, a monthly multilingual spoken word event and co-founder of LGBTQ+ arts collective AerachAiteachGaelach. Chosen as one of the Irish Examiner’s ‘100 Women Changing Ireland in 2022’ and an Irish Writers Centre ambassador. 2023 Artist in Residence with UCD Scoil ICSF, previously with The Dublin Fringe Festival and DCU. Has performed in New York, London, Brussels, Sweden, and across Ireland. Published in anthologies Bone and Marrow/Cnámh agus Smior, Queering the Green, Washing Windows Too; journals Aneas, Icarus, and Comhar; and her first collection is forthcoming.

*

YouTube

Facebook

Twitter

TikTok

8 thoughts on “Faoi

  1. powerofnaming August 21, 2013 / 3:19 pm

    Nílim tar éis ach forbhreathnú gairid a dhéanamh ar’n mblag seo go fóill ach tá cuma an-spéisiúil go deo air.

    • miseciara August 26, 2013 / 3:32 pm

      Grma Ian! D’fhéadfainn an rud céanna a rá faoi do bhlag féin. Ciara

  2. colm@kilarecords.com August 26, 2013 / 2:32 pm

    A Chiara dhil. chonaic mé do dhán fúinn (Kíla). bhanieas ana-thaitneamh as. An mbeadh cead agam an nasc a chur ar ár suíomh facebook? An-scríobh dála an scéil. Is cinnte go bhfuil leabhar id smaointe agus na cartúin beaga atá agat. Bhaineas ana-thaitneamh as roint des na míreanna. Le meas. Colm

    • miseciara August 26, 2013 / 3:39 pm

      A Choilm, a chara,

      Tá lán cead agat nasc a chur ar bhur Facebook. Ba mhór an onóir é!
      Grma as an moladh, agus (i gcónaí) as an gceol.

      Ciara

  3. roibeard December 17, 2013 / 9:21 am

    A Chiara, chuala mé ag caint ar Cruinneog thú an lá faoi deireadh. Thaitin do chuid cainte go mór liom. Ós rud é go ndúirt tú go raibh tú ag iarraidh deiseanna le Gaeilge a labhairt agus go raibh sé sách casta craobh de chonradh na gaeilge a bhunú seans go mbeadh spéis agat sa réiteach ar thánamar air anseo sa Bhruiséil, mar atá Na Gaeil i gCéin ( https://www.facebook.com/NaGaeilIgCein?ref=hl ). Deis do ghaeilgeoirí teacht le chéile uair sa mhí is ea na Gaeil i gCéin, ach murab ionann is ciorcal comhrá ní shuímid sa bheár ná sa chaife céanna gach mí, socraímid áit éigin is díol spéise dúinne nó do thurasóirí agus buailimid le chéile ann nó ar an mbealach chuige. Measaim gur fearr le daoine rud éigin a bheith ar siúl acu agus gur nádúrtha an comhrá a bhíonn ar siúl seachas ag ciorcal comhrá. Ní theastaíonn ach croí-ghrúpa de thriúir nó ceathrar leis an ngrúpa a choinneáil ag imeacht. Táimid ar an bhfód le bliain anois sa bhruiséil agus ba bhreá linn an coincheap a fheiceáil ag leathnú amach. Bhí duine againn ag iarraidh blag a thosú freisin, is féidir súil a chaitheamh air sin leis: http://gaeiligcein.wordpress.com/about/

    Má tá aon chomhairle uait faoin gcur chuige a d’úsáideamar nó aon cheo mar sin, cuir ríomhphost chugam. Coincheap an-simplí is ea é agus baineann daoine an-taitneamh as.

    le dea-mhéin

    Roibeard

  4. Mary December 7, 2020 / 7:53 pm

    Ciara, Is mise mac léinn abi í bhliain a 3 sa DCU ag deanamh Gaeilge agus Iriseoireacht.
    Ba mhaith liom agallamh béag a dheanamh leatsa mar measunaí í mo mhodúil: Nuachtlaenta le Richie Conroy

  5. schmitztimo January 9, 2021 / 12:11 am

    Fàilte. Tha mi ag ionnsachadh Gàidhlig na h-Alba. Tha fios agam a tha Gàidhlig na h-Èireann agad, ach feumaidh luchd-labhairt na Gàidhlig taic a thoirt dha chèile… 🙂

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out /  Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out /  Change )

Connecting to %s