Poetry Ireland Introductions Sampler

Tá bród orm a rá go bhfuil dánta liom sa leabhrán seo.

Poetry Ireland Introductions is a collection of poetry from the very best of Ireland’s emerging poets for 2017, as chosen by Poetry Ireland, the national poetry organisation. Along with a pair of superb poems, each poet provides an intriguing piece on what provoked them into writing poetry in the first place.

Featuring Niall Bourke, Colette Bryce, Conor Cleary, Susannah Dickey, Darren Donohue, Jackie Gorman, Majella Kelly, Ciara Ní É, Paul Ó Colmáin, James O’Leary, Matthew Rice, Breda Spaight, Christian Wethered, and Grace Wilentz.

Quality poems and quality prose from Poetry Ireland: connecting poetry and people

Ar fáil anseo.

Advertisements

WTF!? returns, le Canúint na Mumhan!

After a brief 4 month hiatus (which you can read about, as Gaeilge, on RTÉ here), What the Focal!? is back.

Last November the wonderful Seaghan Mac an tSionnaigh was kind enough to sit down with me and answer many many questions about Canúint na Mumhan, Munster Irish. Seaghan and I are both in America teaching Irish as Fulbright FLTAs.

This is just video one of FIVE… I’ll try and get the rest of them up in the next few weeks.

Rosanna Davison ar mo réim bia

Cuireadh faoi agallamh mé don phíosa My Day on a Plate, a fhoilsítear san Evening Herald.

Is féidir an t-alt a léamh ar shuíomh Rosanna anseo.

Faoi láthair táim i mBostún ar mo shlí abhaile don Nollaig, agus is iomaí deis ite atá anseo.

Bhí Rosanna sásta go leor liom sa léirmheas a scríobh sí… ach n’fheadar cad a cheapfadh sí faoi na rudaí atá ite agam le lá anuas?

Seo cúpla pic…

 

Mar a luaitear san alt – beidh mé mar bhean an tí ag imeacht IMRAM @ REIC Dé Luain!

Bí linn agus roinn linn do chuid!

18ú.

Imram Xmas brochure 2017 No2_Page_5

 

Ag tosú ar an ollscoil? Fan leis an nGaeilge…

B’fhéidir nach gceapfá anois é… ach in 2009 bhí an seans ann nach leanfainn ar aghaidh leis an nGaeilge tar éis na hardteiste in aon chor.

Ní raibh an teanga ag mo theaghlach nó mo chairde. Bhíos ag smaoineamh ar chúrsa eolaíochta a dhéanamh. Bhí an seans go n-imeodh an Gaeilge a bhí agam go deo (agus ag breathnú siar is beag a bhí agam dáiríre).

Ach ní sin a tharla! Tá an Ghaeilge agam fós agus úsáidim go laethúil í.

Cé go raibh mé an-neirbhíseach, agus cé nár thuig mé an-chuid a bhí á rá ag daoine, cláraigh mé leis an gCumann Gaelach.

Táim an-bhuíoch de bheocht an chumainn as mo ghrá agus spéis sa teanga a spreagadh agus a mhéadú thar na blianta a chaith mé ar an ollscoil. D’athraigh sé mo shaol go hiomlán.

(Samhlaigh an saol eile a bhí romham – Ciara Heneghan, eolaí, béarlóir!?!)

Ar an láimh eile, feicim cairde liom nár chláraigh leis an gCumann agus atá brónach anois nach bhfuil an teanga acu a thuilleadh.

Mar sin LE BHUR dTOIL déanaigí cinnte go gcláraíonn na daoine óga i bhur timpeall leis an gCumann.

Labhair leo faoi, nó taispeáin an físeán seo dóibh.

 

Bloomsday

Amárach, ar #Bloomsday, beidh mé ag léamh ag ócáid i mBarra an Teampaill.

Led by Dublin poet Stephen James Smith and featuring a chaotic cast of noted Irish actors, politicians, musicians, pundits, procrastinators and everyone in between, this is a wonderful opportunity to celebrate the book amongst seasoned Joycean veterans and Bloomsday beginners alike. So don your best headwear and join us in the Square this Bloomsday!

Is ócáid saor in aisce é, fáilte roimh chách!

Beidh mé ag léamh cuid ó Nausicaa, as Gaeilge. Rinneadh an leabhar a aistriú sna 80í.

Ba dheacair an téacs a léamh ar dtús mar seoladh chugam leagan Word athscríofa, agus ní raibh séimhiú nó síneadh fada ar bith sa téacs!

Fuair mé PDF de ansin agus chonaic mé cén fáth! Féach an focal ‘chlóbhuail’.

ulysses

B’éigean dom é a athscríobh, ach ansin bhí fós roinnt focal ann nach raibh so-aitheanta! I roinnt cásanna ní minic a n-úsáidtear na focail sin a thuilleadh.

Uaireanta eile ní raibh ann ach go raibh sean-litriú i bhfeidhm, agus d’éirigh liom an bhrí a fhuascailt i roinnt cásanna, ach ní i ngach cás!

Is spéisiúil an comhrá a bheadh agam leis na haistritheoirí faoi na roghanna uile a rinne siad. Is dócha go ndearnadh iarracht mhór cloí le focail a bheadh in úsáid ag na caractair, in 1904, an bhliain ina bhfuil an scéal suite.

Ar aon nós, tá an téacs anois athscríofa, ath-litrithe, agus cleachtaithe agam agus mé ar bís leis an lá amárach!

Más mian leatas teacht ar an aistriúchán, seo nasc chuige sa leabharlann náisiúnta.

Tuilleadh eolais faoin ócáid anseo.

WTF!? YOLO as Gaeilge!

I text.

I speak Irish.

I do them both at the SAME TIME!

Here, in the latest What the Focal!? I tell you how YOU CAN TOO!

I cover txt speak as Gaeilge, and the story behind Irish speakers using the number 7 to mean ‘and’. (It’s called a ‘tironion et’ and I love it.)

Full list of TEXT SPEAK covered:
GRMA – go raibh maith agat (thank you)
GRMMA – go raibh míle maith agat (thanks a million)
(a)GOA – (ag) gáire os ard (LOL)
ABMTAG – ag briseadh mó thóin ag gáire (ROFL, literally “breaking by arse laughing”)
NASAA – níl ach saol amháin agat (YOLO)
CF – cén fáth (why)
NBB – ná bí buartha (don’t worry)
GML – gabh mo leithscéal (excuse me)
DS – deireadh seachtaine (weekend)
TBO – tá brón orm (I’m sorry)
OMD – Ó mo Dhia (OMG)
SGF – slán go fóill (CYA)

***Then these two crucial ones which I left out somehow!***
LDT – le do thoil (please)
CGL – ceart go leor (ok)

V – bhí (past tense of ‘bí’)
AN8 – anocht (tonight)
7n – seachtain (week)
CCAB2 – cén chaoi a bhfuil tú (how are you)
CCAB6 – cén chaoi a bhfuil sé (how is he)
J mar? – caidé mar atá tú? (how are you)
A # – a thaisce (my dear)
K – cé (who)
FAB – fadhb ar bith (no problem)
7 = & (this is called a ‘tironion et’)