Dialann Deoraí

Táim in Philadelphia faoi láthair agus is mé atá sásta go bhfoilseofar dialann uaim ar shuíomh RTÉ gach mí.

philadelpia

Sa chéad phíosa a scríobh mé, anseo, rinne mé cur síos ar an bpróiséas a bhain le cur isteach ar an Fulbright, agus an ullmhúchán ar fad a bhí le déanamh agam roimh ré.

Bheadh san t-alt sin úsáideach mar threoir do dhuine ar bith atá ag smaoineamh ar cur isteach ar an gclár.

Foilsíodh an dara alt inniu, anseo.

Anois agus mé socraithe isteach anseo, beidh sé go deas an t-alt sin a bheith agam gach mí le mo chuid tuairimí faoin áit seo a roinnt libhse.

Hup, Meiriceá!

Advertisements

Ag tosú ar an ollscoil? Fan leis an nGaeilge…

B’fhéidir nach gceapfá anois é… ach in 2009 bhí an seans ann nach leanfainn ar aghaidh leis an nGaeilge tar éis na hardteiste in aon chor.

Ní raibh an teanga ag mo theaghlach nó mo chairde. Bhíos ag smaoineamh ar chúrsa eolaíochta a dhéanamh. Bhí an seans go n-imeodh an Gaeilge a bhí agam go deo (agus ag breathnú siar is beag a bhí agam dáiríre).

Ach ní sin a tharla! Tá an Ghaeilge agam fós agus úsáidim go laethúil í.

Cé go raibh mé an-neirbhíseach, agus cé nár thuig mé an-chuid a bhí á rá ag daoine, cláraigh mé leis an gCumann Gaelach.

Táim an-bhuíoch de bheocht an chumainn as mo ghrá agus spéis sa teanga a spreagadh agus a mhéadú thar na blianta a chaith mé ar an ollscoil. D’athraigh sé mo shaol go hiomlán.

(Samhlaigh an saol eile a bhí romham – Ciara Heneghan, eolaí, béarlóir!?!)

Ar an láimh eile, feicim cairde liom nár chláraigh leis an gCumann agus atá brónach anois nach bhfuil an teanga acu a thuilleadh.

Mar sin LE BHUR dTOIL déanaigí cinnte go gcláraíonn na daoine óga i bhur timpeall leis an gCumann.

Labhair leo faoi, nó taispeáin an físeán seo dóibh.

 

Soma Gaeilge – físeán

Seo tuairisc curtha le chéile ag Meon Eile faoin bhféile Soma, agus na himeachtaí Gaeilge a bhí ar siúl.

D’éirigh go hiontach le gach rud thar an deireadh seachtaine, agus bhí an-éagsúlacht sna himeachtaí a cuireadh ar fáil.

Mar a dúirt Ciarán sa bhfíseán: “Abair leis na Gaeil go mbeidh craic ann agus tiocfaidh siad!”

Ag súil le feiceáil cad a bheidh acu an bhliain seo chugainn!

Bloomsday

Amárach, ar #Bloomsday, beidh mé ag léamh ag ócáid i mBarra an Teampaill.

Led by Dublin poet Stephen James Smith and featuring a chaotic cast of noted Irish actors, politicians, musicians, pundits, procrastinators and everyone in between, this is a wonderful opportunity to celebrate the book amongst seasoned Joycean veterans and Bloomsday beginners alike. So don your best headwear and join us in the Square this Bloomsday!

Is ócáid saor in aisce é, fáilte roimh chách!

Beidh mé ag léamh cuid ó Nausicaa, as Gaeilge. Rinneadh an leabhar a aistriú sna 80í.

Ba dheacair an téacs a léamh ar dtús mar seoladh chugam leagan Word athscríofa, agus ní raibh séimhiú nó síneadh fada ar bith sa téacs!

Fuair mé PDF de ansin agus chonaic mé cén fáth! Féach an focal ‘chlóbhuail’.

ulysses

B’éigean dom é a athscríobh, ach ansin bhí fós roinnt focal ann nach raibh so-aitheanta! I roinnt cásanna ní minic a n-úsáidtear na focail sin a thuilleadh.

Uaireanta eile ní raibh ann ach go raibh sean-litriú i bhfeidhm, agus d’éirigh liom an bhrí a fhuascailt i roinnt cásanna, ach ní i ngach cás!

Is spéisiúil an comhrá a bheadh agam leis na haistritheoirí faoi na roghanna uile a rinne siad. Is dócha go ndearnadh iarracht mhór cloí le focail a bheadh in úsáid ag na caractair, in 1904, an bhliain ina bhfuil an scéal suite.

Ar aon nós, tá an téacs anois athscríofa, ath-litrithe, agus cleachtaithe agam agus mé ar bís leis an lá amárach!

Más mian leatas teacht ar an aistriúchán, seo nasc chuige sa leabharlann náisiúnta.

Tuilleadh eolais faoin ócáid anseo.

WTF!? Irish used in English

In this What the Focal!? video I’m talking about Irish words that are used AS GAEILGE in the middle of a sentence that otherwise AS BÉARLA.

The words featured in the video are the based on responses I got on Twitter.

In my opinion this is different from the Irish words that are present in Hiberno English, because with Hiberno English the speaker might not even be aware that the word/ structure they are using has a basis in Irish. Whereas the words in the below video are used consciously.

FULL DISCLOSURE: I’m not a linguist! But if you are, and have a proper linguistic description of what I am trying to put into words then please get in touch!

p.s. I know the poem is not my best work – but it was a good device to list off the words!

Agallamh le hEva O’Connor

An scríbhneoir agus aisteoir Eva O’Connor faoi agallamh agamsa anseo, ón gclár Meon na mBan ar Raidió na Life.

Labhraíonn Eva faoin dráma úrnua Maz&Bricks, agus roinnt eile – an gá atá ann le cearta ginmhillte sa tír seo, fadhbanna itheacháin, agus mionsraith nua i bpáirt leis an mBBC atá ar na bacáin!

Déanfar an chéad léiriú den dráma anocht, agus leanfaidh sé i mBÁC go dtí an 15ú. Ansin beidh sé i Luimneach!

Tuilleadh eolais anseo.

On RTÉ Arena

I was on Arena, RTÉ Radio 1 yesterday evening, reading my poem ‘Drunk’.

You can listen on Soundcloud here.

arena

This is ahead of a live performance with the program on Easter Monday.

As part of Cruinniú na Cásca, Arena will be broadcast live from the St Stephen’s Green stage. From 11am to 1pm, Seán Rocks and the RTÉ Concert Orchestra with conductor Gearóid Grant will be joined onstage by The Hothouse Flowers, Lisa Lambe, Fiachna Ó Braonáin, Martin Brunsden, Seán Keane, Chris Meehan and his Redneck Friends, and lots more.

I’m scheduled to be performing around 11.15am, if you want to listen in!

More info here.

Agus ag a 2 a chlog an lá céanna beidh ceardlann filíochta do dhaoine óga á reachtáil agam. Bí liom agus scaip an scéal le do thoil!

Calling all young poets a bhfuil Gaeilge acu!

This hands-on workshop with writer and curator Ciara Ní É welcomes families to have some fun le filíocht.

Cabhróidh Ciara libh le hainm cleite a chumadh, dánta áille a scíobh le tabhairt abhaile, agus spraoi a bhaint as an teanga!

This workshop will focus on writing poems as Gaeilge, but is laid out in a way that it can be enjoyed by those with a cúpla focal, or cúpla foclóirí d’fhocail!

Tuilleadh eolais faoi sin anseo.