Soma Gaeilge – físeán

Seo tuairisc curtha le chéile ag Meon Eile faoin bhféile Soma, agus na himeachtaí Gaeilge a bhí ar siúl.

D’éirigh go hiontach le gach rud thar an deireadh seachtaine, agus bhí an-éagsúlacht sna himeachtaí a cuireadh ar fáil.

Mar a dúirt Ciarán sa bhfíseán: “Abair leis na Gaeil go mbeidh craic ann agus tiocfaidh siad!”

Ag súil le feiceáil cad a bheidh acu an bhliain seo chugainn!

Dhá alt dheasa

Taitníonn sé liom aon uair go mbíonn filíocht i mbéal an phobaill, ach go háirithe nuair is filíocht i nGaeilge atá i gceist!

Lá na Filíochta a bhí ann inné agus chroch RTÉ.ie alt dar teideal ‘5 Filí to Note’.

Is deas liom a bheith luaite i measc filí mór le rá!

rte filí

Agus tháinig mé ar an alt seo díreach an tseachtain seo caite. Bhí ionadh an domhain orm m’ainm a fheiceáil i measc mná iontacha eile.

Agus fógraíocht iontach do REIC freisin!

lovin dublin

 

Thou shalt not question Stephen Fry

RTÉ’s Seachtain na Gaeilge offerings this year have a centralised site here. One video shows Stephen Fry, giving his own (informed and very eloquent) view on Irish.

I know what a living language it is. And I know that it is kept alive by the means that human beings most connect – humour, song, memory, collective memory… and I think it’s an immensely important part of being Irish.

Last night was the second birthday of REIC, the spoken word night that I run – where people connect artistically through Irish, in ways just like Stephen describes above.

RTÉ were recording at REIC, so keep an eye on the site. Or here. I’ll be posting about it, of course.

Now, let us remember what one of my all time favourite songs* says, ‘thou shalt not question Stephen Fry’.

* is it a song? is it a track? I don’t know. I guess I’m not cool. I know with trad you’re meant to say tune… I think. Often it’s easier to just say piece.

p.s. I realised today that I wasn’t following either of the lads that made that song/track/piece/thing – so I followed them, and then Scroobius Pip favourited one of my tweets OH EM GEE.

whatsapp-image-2017-03-03-at-14-08-40

 

Ar chlár Róisín, TG4

Bhí mé ar an gclár Róisín ar TG4 aréir, ag plé filíochta agus feimineachais le Róisín O’Hara.

Bímse ag breathnú ar an gclár go rialta, agus b’iontach a bheith páirteach ann!

Bhí mé sásta go háirithe leis an gcuid inár nocht mé mo chuid pleananna an Ghaeilge a scriosadh:

reic-ainm

Thug mé blaiseadh chomh maith den dán fada faoi Chlub an Chonartha a thaifead mé do UNESCO, Dublin City of Literature i rith an tsamhraidh. Tá an blaiseadh ar Facebook anseo.

Agus – bhí an deis agam racht a scaoileadh uaim (rud a thaitin go mór liom!) mar chuid den mhír ‘Tuairim na Seachtaine’:

screenhunter_30-jan-19-20-30

… Thógfadh sé an iomarca seatanna scáileáin le mo thuairimse a léiriú! Más spéis leat é a chloisteáil, féadfaidh tú breathnú ar an gclár ina iomláine anseo!

DAS bhí cuid eile ón gclár céanna ag dul viral inniu faoin gceannteideal “The most Irish gal interaction took place on a TG4 chat show last night”!

Fiosrach? Féach ar an scéal ar The Daily Edge.

REIC i gClub an Chonartha

Den chéad uair riamh bhí REIC ar siúl i gClub Chonradh na Gaeilge ar 17 Samhain.

postaer

Tar éis dom mo chos a bhriseadh le déanaí ní raibh mé cinnte an mbeinn in ann REIC a chur ar siúl ar chor ar bith.

Tharla, áfach, go ndeachaigh an-chuid daoine i dteagmháil liom ag rá go raibh spéis acu teacht agus saothar a roinnt, agus mar sin níorbh éigin dom an oíche a chur ar ceal!

Ardú meanma a bhí ann don bhean bhriste seo go raibh an oiread sin spéise ag muintir na cathrach don oíche.

7reic

Bhí mé ar bís ag tús na hoíche, ag súil leis na focail áille a chlositeáil (agus ag súil leis an teach a fhágáil, ní dhéanaim chomh minic céanna é anois agus an chos briste agam!)

Ar an lineup bhí filíocht ó Aindriú Mac An Rí, Stiofán Ó Briain, Colm P. Kirwan, Ronan Lynagh, Diarmuid Ó Mathuna, Caitlín Nic Íomhair, & Shane Fonda.

Léigh Yoseba Peña, file ó Thír na Bascach, dán de chuid Bernardo Atxaga agus léigh Colm Mac Gearailt aistriúchán Gaeilge de, iad ag malartú tar éis gach rann.

Roinn Colm chomh maith dán fada álainn a scríobh sé fhéin, agus sheinn agus chan sé dhá amhrán ar an ngiotar.

Bhí gigín gleoite againn ó Phádraig ‘Muipéad’ Ó Conghaile agus Fergal Moloney, leath den bhanna ceoil IMLÉ. (‘Imleath‘, nó díreach ‘Im’ na moltaí  a bhí ann mar ainm dóibh!) Dar ndóigh, d’eisigh IMLÉ a chéad albam i rith na míosa. Is breá liom go mór mór ollmhór é. (Seo ailt fúthu ar TuairiscNós, agus Broadsheet.)

Ag deireadh na hoíche bhí hip hop ó Oisín Mac Giolla Bhríde. Tar éis dom chuid de shaothar Oisín a fheiceáil ar líne thuig mé go raibh smaointe spéisiúla aige, agus thaitin a chur i láthair go mór leis an slua. Ag súil len é a fháil ar ais ag REIC!

Thapaigh mé fhéin an deis dán nua darb ainm He’s Just Not That Into You a thaifead, le cabhair ón slua. Táim tar éis leathanach poiblí “Ciara Ní É” a thosú ar Facebook agus is gá dom anois ábhar a thaifead le cur air!

Bhí freastal an-mhaith ar an oíche, agus cé gur fhág mé fhéin luath go leor, chuala mé go ndeachaigh cuid den slua ar aghaidh go dtí 5 ar maidin!

Míle buíochas do gach éinne a bhí i láthair. Bhí éagsúlacht dochreidte idir na ndaoine uilig a ghlac páirt… chas duine den lucht éisteachta timpeall orm ag deireadh na hoíche ag rá go raibh na seánraí uilig nach mór clúdaithe againn agus nach raibh in easnamh ach ‘rúinne beag throat singing!’

Tuilleadh pictiúir ar Facebook anseo.
REIC ar Twitter anseo.

 

 

REIC @ IMRAM

Bhain mé an-sult as Víreas is ea Teanga Dé Céadaoin seo caite.

Ba gheal le ceardlann í an oíche, nach mór. Ar na boird d’fhág mé píosaí páipéir le focail randamacha orthu, chomh maith le gliú agus cárta, gurbh fhéidir le daoine na focail a ghreamú ar an gcárta mar aonad.

Rinne Alan Titley agus Mícheál Ó Ruairc beirt cuireanna i láthair a bhí spéisiúil sruthach speisialta*, agus a chuir an lucht féachana ag gáire in amannaí.

*Déanann Alan an sruth d’aidiachtaí rud sin, agus taitníonn sé liom, táim ag déanamh iarrachta é a chleachtadh… bear with me!

Chomh maith leis sin bhí go leor den slua toilteanach na píosaí a bhí cruthaithe acu a léamh amach. Ba chuid den oíche é sin a thaitin go mór liom, agus leosan de réir tuairiscí i ndiaidh na hócáide!

Is féidir roinnt samplaí den stuif a chruthú a fheiceáil ar Twitter #gearrthóg. Nó go deimhin, ar an gcuntas @REIC.

Chuir an oíche sin faobhar ar mo ghoile, agus leanfaidh mé mo spéis sa teicníc. Táim ag iarraidh tuilleadh a dhéanamh leis; tuilleadh ama a chaitheamh leis mé fhéin agus ceardlann eile a eagrú amach anseo, ag tógáil ar an méid atá foghlamtha agam.

An tseachtain seo chugainn beidh mé ag tabhairt léachta in UCD do lucht an MA Scríobh agus Cumarsáid na Gaeilge. S’é teicníc na gearrthóige a bheidh faoi bhráid agam agus táim ag súil go mór le bheith ag obair leis an teicníc in éineacht leis na mic léinn.

Is éasca teacht ar ábhar i mBéarla le gearrthóga a chruthú. Tá an oiread sin de ann, agus an oiread sin de atá cáiliúil agus aitheanta.

Ach ní hamhlaidh a bhíonn sé i nGaeilge. Mar sin teastaíonn uaim liosta a chuir le chéile, carn mór d’fhocail i nGaeilge, roghnaithe ag lucht léitheoireachta na teanaga. Chuige sin chruthaigh mé an Google Doc poiblí seo.

Más mian leat rud éigin a chuir leis – déan é! Beidh mé an-bhuíoch. Agus coimeád súil ar an mblag seo leis na torthaí a fheiceáil amach anseo.

Fágfaidh mé sibh le tuilleadh pictiúr ón oíche in Áras Scríbhneoirí na hÉireann:

 

REIC agus IMRAM

screenhunter_20-sep-21-11-25

Tá mé ar bís baint a bheith agam leis an oíche seo thuas, atá mar chuid den fhéile litríochta IMRAM.

Is mór an meas atá agam ar IMRAM ó chéad d’fhoghlaim mé go raibh an fhéile ar an saol, nuair a bhí mé ar an ollscoil.

Thug sé (agus tugann fós!) misneach iontach dom Gaeilge a fheiceáil mar chuid lárnach d’fhéile litríochta, agus is spreagadh iontach i gcónaí é freastal ar imeachtaí de chuid na féile.

Ón gclár:

screenhunter_18-sep-21-11-24screenhunter_19-sep-21-11-24

Mar is dual d’Imram, is iomaí ócáidíiontach eile a bheidh ar siúl le linn na féile. M.sh. seó ilmheáin bunaithe ar Game of ThronesRéaltneach, The David Bowie Project; go leor leor oícheanta ceoil agus filíochta nach iad; AGUS roinnt léachtaí agus ceardlanna.

Is féidir clár na féile ina iomláine a léamh anseo.