Táim ag obair ar Powerpoint do cheardlann agus rinne mé tagairt do Memes na Gaeilge, leathanach méimeanna a chruthaigh mé thiar sa bhliain 2011. (Nuair a bhí mé fós ag feidhmiú faoin ainm Ciara Heneghan – múisc!)
Seoid is ea an t-alt seo le Úna-Minh Caomhánach. Is breá liom an chaoi a bhfuil uirthi míniú cad is meme ann do na leitheoirí, agus dar ndóigh “feiniméan nua” a bhí ann mar a deir sí féin, agus “rud éigin atá tar éis greim iomlán a fháil ar ár n-aird”… is níor scaoileadh leis an ngreim sin fós!
Bhí 700 leantóir ag an leathanach an t-am a scríobhadh an t-alt in 2012, ach d’fhás sé go 25,000 thar na blianta a lean, ansin tharla bánú Facebook agus níor bhog mé go dtí ardán eile. Dhera fén dtráth sin bhí go leor leathanach méimeanna ann agus bhí rudaí eile ar m’aire. Cé gur éirigh mé as mo shaol mar mhéimeadóir ó shin, nach spéisiúil féachaint siar ar na blianta turgnamhacha sin ag tús ré na méimeanna? Is mór an fás atá tagtha orthu ó shin.
Is féidir an t-alt a léamh ar ISSUU anseo, nó dar ndóigh san íomhá thíos!
