Scríobh mé alt i gcomhair Campus.ie atá ina Buzzfeed list i nGaeilge. Is é ‘10 ráiteas a chloiseann Gaeilgeoirí‘ an teideal atá air… Meas tú ar chuala tú aon cheann dóibh cheana?
Nuair a fuair mé an post mar Eagarthóir na Gaeilge don suíomh, tugadh cúpla smaointe agam le scríobh faoi, ach bhí chuile ceann bainteach go tréan leis an nGaeilge. (Chuir sé ag smaoineamh mé faoi díospóireachtaí sin trí mhéan na Gaeilge atá ar ábhar todhchaí na Gaeilge…!)
Is léir go gceapaim go bhfuil sé ceart go leor a bheith ag labhairt faoin teanga (agus an blag seo agam) toisc gur minic a bhíonn suim ag Gaeilgeoirí sa Ghaeilge í féin… Ach ag an am céanna ba bhreá liom Gaeilge a fheiceáil ag feidhmiú i ngach aon slí. Is é sin an chúis gur thosaigh é Méimeanna na Gaeilge.
Is iad listicles (go háirithe ar Buzzfeed agus Cracked) atá tromlach na ndaoine ag léamh na laethanta seo ar an idirlíon, agus mar sin a scríobh mé ceann!
Bhí listicle ag Eoin Ó Murchú faoi na cineál Gaeilgeoirí atá ar aithne againn ar fad, agus bhí méimeanna caite isteach aige chomh maith, b’alt nua-aoiseach é sin cinnte! É sin ráite, is faoi ‘Ghaeilgeoirí’ atá ceann Eoin, chomh maith le mo cheann féin, ach seans go sheachnóidh mé an Ghaeilge ar fad ar fad amach anseo.
Cad a cheapann sibh? Ba bhreá liom bhur dtuairimí a chloisteál!
Agus má tá suim ag éinne alt a scríobh (alt nó listicle nó cibé rud!) i gcomhair Campus.ie, téigh i dteagmháil liom!