REIC 14/05 – Aoife Moore agus Oisín Walsh-Peelo

Físeán snog ó Mo Hat Mo Gheansaí, an banna ceoil ina bhfuil Aoife Moore agus Oisín Walsh-Peelo.

Fainic! Tá an físeán seo an-bheacht go deo agus bím neirbhíseach ag éisteacht leis, ag fanacht ar dhuine dóibh botún a dhéanamh! (Beidh ort éisteacht leis tú féin anois le feiceáil…)

Bí linn ag ag gcéad Reic eile (anseo ar Facebook) le tuilleadh a chloisteáil ó Aoife agus Oisín.

Suan Eile le Les Lord

Anuraidh scríobh mé dán, Suan Eile, faoi mo chara Pádraig Schaler.*

Tar éis do Mharcus Mac Conghail é a léamh, chuir sé ceol leis na focail agus rinne sé taifead air, agus ansin chóirigh Les Lord píosa Mharcuis le ‘piano ambient piece’ a dhéanamh as. Nach iontach an forás é sin ag teacht ó dháinín beag ó bharr mo phinn?

Táim díreach tar éis é a chloisteáil, tá sé suaithinseach go deimhin:

*Tá taifead domsa á rá ar an dlúthdhiosca Amhrán do Phádraig, chomh maith leis an bpríomhamhrán iontach Dreamboat.

Ár gCeolchoirm Féin

Ar an seó Ciara agus Ó Ciardha an tseachtain seo beimid ag caint ar féilte ceoil agus ag craoladh na hamhrán beo is fearr a chuala ariamh.

Mar sin, idir 6-7 amárach ar Raidió na Life beidh ár gceolchoirm féin ar siúl againn leis na bannaí ceoil is fearr ar domhan, uilig in aon áit amháin i gcomhair ceolchoirm mhór mhillteach!

Ach chun an cheolchoirm idéalach seo a chuir le chéile tá do chabhair uainn! Má tá leagan beo d’amhrán ar bith a thaitníonn go mór leat, fág trácht anseo, nó seol giolc chugam @miseciara!

Fágfaidh mé sibh le The Frames ó Vicar Street 2002… tá sé go hálainn.

Coirm Cheoil Kíla

Kila-at-Meeting-House-Square
Kíla ag casadh ceoil.

Seo dán a scríobh mé tamall ó shin agus a bhí agam mar party piece ag Comórtas an Chailín Ghaelaigh i mbliana. Oíche amháin bhuail mé le Rónán sa Chonradh agus léigh mé dó é!

Sa slua, scaoilte,
saor, sníomhtha,
le tnúthán,
ag tnúth,
tagann an t-am-

tosaíonn an ceol

ag cothu m’anama-
gan áit, gan am-
le neart, fuinneamh,
lán taitnimh,
mar thaibhreamh.

Báite san fhonn,
sáite sa bhanna,
Rónán ag canadh.

An scaifte mar shruth
a shníonn lena ghuth.

A’ cuir allais, muid fiáin,
sé allta, sé íon,
úrnua, gan srian.
An tsaíocht go síor,
ársaíocht go smior.

Dún do shúile.
Do chroí a’ bualadh,
Mothaigh an cumha –
ár n-oidhreacht, fós reatha.
Ár mbradán beatha.

Longitude – cúpla grianghraf.

Image
An drumadóir ó Wolf Alice.

Bhí mé ag an bhféile ceoil Longitude an deireadh seachtaine seo le mo chara Hildy. Táim ag baint an-taitneamh as ar fad. 

Bhí Wolf Alice go hiontach. Thaitin sé go mór liom go raibh bean mar amhránaí acu mar ní ró-mhinic a fheictear é sin. Dúirt mo chara liom ‘tá an cuma orthu gurb iad mainicíní a bhí leadrán orthu agus a thosaigh banna ceoil mar sin.’ Cur síos iontach!  

Conor O’Brien – Villagers.

Bhí mé chomh sásta Villagers a fheiceáil, b’é an t-aonú sprioc a bhí agam inne. Thit mé i ngrá lena gceol nuair a tháinig Becoming a Jackal amach agus ní raibh deis agam riamh iad a fheiceáil beo. Sheinn siad go leor den sean-stuif, agus ní an t-albam nua amháin, mar a bhíonn de nós ag bannaí áirithe. Níos déanaí chonaic mé Conor (an t-amhránaí) sa slua agus fuair mé grianghraf leis. 

An rud is fearr liom faoi seo ná go bhfuil “Villagers 19:30” scríofa ar mo lámh!

Bhí Conor chomh deas, mar a cheapfá ó na hámhráin deasa a chumann sé.

Bhuail mé le Steve ó Kodaline chomh maith, cé gur chaill mé an set acu mar gheall ar na busanna. *deor*. B’é an rud céanna le Hudson Taylor, ní raibh mé in am iad a fheiceáil, ach bhuail mé le Tadhg (ó Mo Hat mo Gheansaí, a sheineann leo) agus ba shólás é sin! 

Image
Steve ó Kodaline, ró-cool le miongháire a ligint amach!
Image
Tadhg ó Mo Hat mo Gheansaí!

Táimse ag dul ar ais inniu, beidh seó 3-T ar siúl, ag tnúth go mór leis!