Five Lamps Arts Festival 2016

Bhí REIC bliain ar an bhfód mí an Mhárta seo caite, agus bhí oíche againn in Áras Scríbhneoirí na hÉireann, mar chuid den Five Lamps Arts Festival.

Rinne Irish TV taifead ag seoladh na féile, anseo.  (An mhír ag tosú ag 12:00)screenhunter_16-sep-15-14-28

Táimse faoi agallamh ann maidir le REIC, agus tá giota beag díom agus mé i mbun filíochta chomh maith.

Agus mé ag labhairt faoi REIC agus faoina bheith ag scríobh filíochta, deirim gur rud an-choitianta é i measc na nGael. Mar a fheicimse é, scríobhann céatadán suntasach de dhaoine a bhfuil Gaeilge acu filíocht (am éigin, fiú mura scríobhann siad an t-am go léir é!), agus ní rud as an gnáth é.

An aontaíonn sibh liom?

Ar aon nós, d’éirigh go maith leis an oíche (pictiúir anseo!).

Bhain mé sult as roinnt imeachtaí eile de chuid na féile agus táim ag súil le bheith ag obair arís leo an bhliain seo chugainn ar rudaí nua rúndiamhara.

Watch this space!

LÉIGH, ÉIST, FÉACH, REIC!

seamus barra collage

Séamus Barra Ó Súilleabháin. Togha fir. Chonaic mé cúpla rud leis inniu agus is fiú iad a roinnt in aon áit amháin.

1) LÉIGH – Araibis – dán in Southword.

2) FÉACH – Haiki Tuathail – sraith haiku, i Béarla agus i nGaeilge.

3) ÉIST – Muca – traic hip hop a rinne sé le Craos (eisean agus Rob Mulhern).

Agus i ndiaidh sin is uile tar le Séamus a fheiceáil ag REIC ar an 17ú Iúil, sa Generator Smithfield.

VóTÁ

Ní haon rún é go bhfuil mé ar son an reifrinn ar chomhionannas an phósta. Mar sin, táim chun dán a scríobh mé ar an ábhar a roinnt libh.

Reic mé an dán an tseachtain seo caite ag Reic agus ag ReRá i gCorcaigh. Ní raibh sé ar intinn agam é a roinnt ar líne, ach tá sé le bheith ar albam IMLÉ le himeacht aimsire agus mar sin bheartaigh mé go raibh sé lán chomh maith agam físeán de a chur amach roimh an Aoine.

AGUS seo físeán álainn déanta ag mná agus fir ghrinn ar son an reifrinn, ina labhraíonn Stephen Fry as Gaeilge! 

Tá eolas ó TáComhionannas i nGaeilge anseo.
Má tá eolas neodrach ar an reifreann uait, tá suíomh refcom go maith.

REIC 14/05 – Aoife Moore agus Oisín Walsh-Peelo

Físeán snog ó Mo Hat Mo Gheansaí, an banna ceoil ina bhfuil Aoife Moore agus Oisín Walsh-Peelo.

Fainic! Tá an físeán seo an-bheacht go deo agus bím neirbhíseach ag éisteacht leis, ag fanacht ar dhuine dóibh botún a dhéanamh! (Beidh ort éisteacht leis tú féin anois le feiceáil…)

Bí linn ag ag gcéad Reic eile (anseo ar Facebook) le tuilleadh a chloisteáil ó Aoife agus Oisín.

Reic #2 – Rónán Ó Snodaigh

Tá clú ar Rónán Ó Snodaigh agus ar an mbanna ceoil Kíla timpeall na cruinne, mar sin is dócha go bhfuil cur amach agaibh uilig air agus nach gá dom é a chur i láthair.

Tá meas as cuimse agam ar an bhfear, ní hamháin mar cheoltóir den chéad scoth, ach mar liriceoir agus file iontach, agus is mé atá sásta go mbeidh sé ag Reic ar an 14/05.

Féach go bhfuil Misneach na Gaillimhe tar éis filíocht Uí Shnodaigh a scaipeadh timpeall na cathrach leis an ngraifítí seo:

o snodaigh

Scríobhann Rónán i mBéarla agus i nGaeilge araon. Más maith leat teacht ar a chuid stuif, foilsíodh Luscadán in 2003, Songs in 2004, agus The Garden Wars in 2007.

Seo físeán de Rónán agus dán á reic aige.

Bígí linn ag an gcéad Reic eile!

REIC2

Beach mheala

Tá mil agus beacha do mo leanúint le cúpla lá anuas.

Bhlas mé an bheoir nua sin, Clonmel 1650, inné agus mar sin bhí mé ag smaoineamh ar an gcion atá agam ar Chluain Meala mar logainm. Seans mór go ndeachaigh sé sin i bhfeidhm orm agus an bheoir á hól agam! (Cheapas go raibh sé go deas!)

Ansin tar éis an scéil maidir le buaiteoirí Ghradam Filíochta Mhichíl Uí hAirtnéide,  tháinig íomhánna ón dán ‘Beach’ le Caitríona Ní Chléirchín i m’intinn inniu.

Ba gheall le beach i mo chroí thú.
Tháinig tú amach ag bláthú trí mo chíocha
is ba chealg mhilis iad na póga
cealgphógadh do mo chealgadh.

Is féidir é a léamh ina iomláine anseo.

Agus díreach anois feicim an clúdach is déanaí atá ag Comhar… beach i gcroí!

comharcludach
Dar ndóigh, ní dócha gur comhtharlú atá i gceist, agus ainm Chaitríona ar an gclúdach féin, ach ba gheall le léamh intinne é an pictiúr a fheiceáil!

Ar aon chaoi, comhghairdeas ó chroí le Caitríona leis an ngradam a bhfuair sí, agus tá súil agam go mbainfidh sibh taitneamh as an dán álainn sin dá cuid a léamh.

Gradam Filíochta Mhichíl Uí hAirtnéide 2015

Comhghairdeas mór le Marcus Mac Conghail agus le Catríona Ní Chléirchín a bhí mar chomhfhaigteoirí Ghradam Filíochta Mhichíl Uí hAirtnéide 2015.

marcusceolbaile

I mbliana bronnadh an duais ar shaothair i nGaeilge ach an bhliain seo chugainn bronnfar í ar shaothar i mBéarla (agus ansin ar shaothar i nGaeilge arís an bhliain i ndhiaidh sin srl!).

Is iad seo a leanas na buaiteoirí a raibh saothar i nGaeilge acu le cúpla bliain anuas:
2002 – Gearóid Mac Lochlainn
2004 – Pádraig Ó Snodaigh agus Seán Ó Curraoin
2006 – Paddy Bushe
2008 – Áine Uí Fhoghlú
2010 – ní raibh duais
2012 – Stiofán Ó Cadhla

Seo an méid a bhí le rá ag na moltóirí maidir le Marcus, “Tá filíocht Mharcuis Mhic Chonghail fréamhaithe sa cheol agus sa saol nua-aimseartha. Tá dánta fuinniúla Beat, liricí áille ciúine agus véarsaí dána dea-ghiúmaracha ina chnuasach Ceol Baile. Tá dúchas na Gaeltachta agus scóp na nua-Ghaeilge cathrach ag saibhriú a chéile ina chuid dánta.”

Bronnfar an duais orthu ag Éigse Mhichíl Uí hAirtnéide i Luimneach ar 16/04.

Is féidir Ceol Baile a cheannach anseo.

REIC

Is mór an feall é nach raibh gíog ná míog asam maidir le Reic i ndiaidh na hócáide.

Ní féidir a rá ach gur éirigh leis an oíche, agus is mé atá sásta. File i ndiaidh file bhíodar iontach, thug siad an lucht féachana leo, agus bhí an seomra líon lán.
Ná creid ar m’fhocal claonta é, áfach, téigh go Tuairisc.ie le léirmheas a léamh!

Áras na Scríbhneoirí agus Reic ar siúl taobh amuigh.

D’fhógair mé ag deireadh na hoíche go mbeadh Reic ar siúl gach mí amach anseo.

Is féidir teacht orainn ar Twitter agus ar Facebook.