Ceapaim go bhfuil untranslatable words (mar atá san alt seo ar Broadsheet) an-suimiúil.
Agus focal Gàidhlig; sgimilearachd, a dhéanann cur síos ar dhaoine drochbhéasacha a thagann chuig do theach agus tú ag ithe dinnéir.
Rinne Dennis ar Nótaí Imill liosta gearr a thug spreagadh dom:
Irish has a wordfor it! Aon fhocal amháin. Tá na focail seo le fáil in Foclóir Gaeilge-Béarla. Thóg mé gach sainmhíniú ón bhfoclóir céanna, focal ar fhocal gan athrú ar bith.
Agus dar ndóigh, bíonn a leithéid ar fáil go flúirseach sa Dineen.
Ba bhreá liom dá mbeinn na focail iontacha sin le cloisteáil níos minice sa chaint. Rinne mé íomhánna de cúpla focal ón liosta ar Nótaí Imill, le daoine (mise san áireamh) a spreagadh chun iad a úsáid.
An bhfuil aon ghá focal nua a cumadh i gcomhair do-rag (mar atá ar Tupac, thíos) nuair atá an focal buadán againn? Hmm.
Ba bhreá liom na focail is fearr libhse a chloisteáil, céard iad?