Bhí imeacht an-deas againn mar chuid den International Dublin Gay Theatre Festival 2022.
5 Irish language mini-plays under development by playwrights from the queer Irish-language arts collective AerachAiteachGaelach. Read more about us at www.aerachaiteachgaelach.net and come find out what our playwrights have been cooking up!
Bhí REIC bliain ar an bhfód mí an Mhárta seo caite, agus bhí oíche againn in Áras Scríbhneoirí na hÉireann, mar chuid den Five Lamps Arts Festival.
Rinne Irish TV taifead ag seoladh na féile, anseo. (An mhír ag tosú ag 12:00)
Táimse faoi agallamh ann maidir le REIC, agus tá giota beag díom agus mé i mbun filíochta chomh maith.
Agus mé ag labhairt faoi REIC agus faoina bheith ag scríobh filíochta, deirim gur rud an-choitianta é i measc na nGael. Mar a fheicimse é, scríobhann céatadán suntasach de dhaoine a bhfuil Gaeilge acu filíocht (am éigin, fiú mura scríobhann siad an t-am go léir é!), agus ní rud as an gnáth é.
An aontaíonn sibh liom?
Ar aon nós, d’éirigh go maith leis an oíche (pictiúir anseo!).
Bhain mé sult as roinnt imeachtaí eile de chuid na féile agus táim ag súil le bheith ag obair arís leo an bhliain seo chugainn ar rudaí nua rúndiamhara.
Chuala mé an focal bolgchaint den chéad uair inné.
An bhfuil a fhios agat céard is brí leis?
B’fhéidir an torann a chloistear go minic san oifig deich nóiméad roimh an lón, nuair atá gach éinne stiúgtha leis an ocras?
Ní hea!
Seo leid duit: chuala mé an focal agus mé ag GaelGÁIRÍ i mBéal Feirste.
Bhí Sean T. O’Meallaigh ar stáitse le Pato, an puipéad atá aige.
Aindí, Mise, agus Sean, leis na puipéid Caoimhe (an chaora) agus Pato.
Bhfuil tuairim agat go fóill?
An Béarla ar bholgchaint ná ventriloquism. Sinceann de na focail atá úsáidte minic go leor, ach bheadh sé an-deacair teacht ar Bhéarlóir a mhíneodh duit cén fáth a gciallaíonn ventriloquism ‘duine ag caint le puipéad’.
Aistrithe ón Laidin, is é bolgchaint go díreach an bhrí atá le ventriloquism.
Venter = bolg
Seans go mbeadh cuimhne agat ar ventral agus a mhalairt, dorsal, ón mbitheolaíocht ar scoil.
Agus go deimhin an focal ventricle, mar a bhíonn sa chroí, tá an chiall ‘bolg beag’ leis sin.
Loqui = caint
Tá rian an fhocail sin le feiceáil in eloquent, loquacious, agus colloquial.
Tá soliloquy ar eolas againn ar fad chomh maith – sin duine amháin (solo!) ag caint.
Ní haon rún é go bhfuil mé ar son an reifrinn ar chomhionannas an phósta. Mar sin, táim chun dán a scríobh mé ar an ábhar a roinnt libh.
Reic mé an dán an tseachtain seo caite ag Reic agus ag ReRá i gCorcaigh. Ní raibh sé ar intinn agam é a roinnt ar líne, ach tá sé le bheith ar albam IMLÉ le himeacht aimsire agus mar sin bheartaigh mé go raibh sé lán chomh maith agam físeán de a chur amach roimh an Aoine.
AGUS seo físeán álainn déanta ag mná agus fir ghrinn ar son an reifrinn, ina labhraíonn Stephen Fry as Gaeilge!
Tá eolas ó TáComhionannas i nGaeilge anseo.
Má tá eolas neodrach ar an reifreann uait, tá suíomh refcom go maith.
Tá clú ar Rónán Ó Snodaigh agus ar an mbanna ceoil Kíla timpeall na cruinne, mar sin is dócha go bhfuil cur amach agaibh uilig air agus nach gá dom é a chur i láthair.
Tá meas as cuimse agam ar an bhfear, ní hamháin mar cheoltóir den chéad scoth, ach mar liriceoir agus file iontach, agus is mé atá sásta go mbeidh sé ag Reic ar an 14/05.
Féach go bhfuil Misneach na Gaillimhe tar éis filíocht Uí Shnodaigh a scaipeadh timpeall na cathrach leis an ngraifítí seo:
Scríobhann Rónán i mBéarla agus i nGaeilge araon. Más maith leat teacht ar a chuid stuif, foilsíodh Luscadán in 2003, Songs in 2004, agus The Garden Wars in 2007.
Comhghairdeas mór le Marcus Mac Conghail agus le Catríona Ní Chléirchín a bhí mar chomhfhaigteoirí Ghradam Filíochta Mhichíl Uí hAirtnéide 2015.
I mbliana bronnadh an duais ar shaothair i nGaeilge ach an bhliain seo chugainn bronnfar í ar shaothar i mBéarla (agus ansin ar shaothar i nGaeilge arís an bhliain i ndhiaidh sin srl!).
Is iad seo a leanas na buaiteoirí a raibh saothar i nGaeilge acu le cúpla bliain anuas:
2002 – Gearóid Mac Lochlainn
2004 – Pádraig Ó Snodaigh agus Seán Ó Curraoin
2006 – Paddy Bushe
2008 – Áine Uí Fhoghlú
2010 – ní raibh duais
2012 – Stiofán Ó Cadhla
Seo an méid a bhí le rá ag na moltóirí maidir le Marcus, “Tá filíocht Mharcuis Mhic Chonghail fréamhaithe sa cheol agus sa saol nua-aimseartha. Tá dánta fuinniúla Beat, liricí áille ciúine agus véarsaí dána dea-ghiúmaracha ina chnuasach Ceol Baile. Tá dúchas na Gaeltachta agus scóp na nua-Ghaeilge cathrach ag saibhriú a chéile ina chuid dánta.”
Bronnfar an duais orthu ag Éigse Mhichíl Uí hAirtnéide i Luimneach ar 16/04.
Is mór an feall é nach raibh gíog ná míog asam maidir le Reic i ndiaidh na hócáide.
Ní féidir a rá ach gur éirigh leis an oíche, agus is mé atá sásta. File i ndiaidh file bhíodar iontach, thug siad an lucht féachana leo, agus bhí an seomra líon lán.
Ná creid ar m’fhocal claonta é, áfach, téigh go Tuairisc.ie le léirmheas a léamh!
D’fhógair mé ag deireadh na hoíche go mbeadh Reic ar siúl gach mí amach anseo.