Gradaim Chumarsáide 2013!

Cé a lig isteach mo leithéid?

Bhuel seo mise ann aréir. Tá na torthaí go léir foilsithe ar an Tuairisceoir.

Bhí Aengus Mac Grianna mar fhear an tí agus rinne sé an-jab de. Sular thosaigh na Gradaim bhí cúpla focal le rá faoin meáin i gcoitinne aige agus mar chuid de sin d’inis sé an scéal faoin a eachtra YouTube dúinn ó thús go deireadh. Bhí sé iontach greanmhar gur labhair sé faoi toisc go rabh neart ag smaoineamh faoi ar aon nós. Níos déanaí bhí sé breá sásta labhairt le daoine agus fiú grianghraif a thógáil le cailíní áiféiseacha. *casacht*

Cailíní cosúil liom, is dócha!

Ba an-oíche é do lucht Raidio na Life  a bhuaigh gradam ní hamháin don láithreán gréasain is fearr ach gradam speisialta eile mar aitheantas ar 20 bliain chraoltóireachta an stáisiúin.  Tá an staisiún théis a bheith i mbéal na tíre le tamall anuas, toisc gur bhuaigh siad ‘Stáisiún Raidió na Bliana’ ag Gradaim na Meán Ceilteach 2013. Fairplé dóibh uilig!

Lucht R na L aréir.

Bhí Orla Nic Carthaigh (sa ghúna buí thuas) ainmnithe mar chraoltóir raidio na bliana agus cé nár bhuaigh sí ba mhór an éacht do bhean chomh óg a bheith sa chatagóir céanna le Cormac Ó hEadhra, Siobhán Seoige, Máirtín Tom Sheáinín Mac Donnchadha agus Eibhlín Ní Chonghaile.

Chuaigh chuid againn go dtí an Roisín Dubh i ndiaidh ach dar ndóigh ní féidir liom tuairisc ar bith a dhéanamh faoin gcuid sin den oíche!