Dhiúno, tá an t-adh orainn in Éirinn – níor chuala mé duine ag rá riamh nach bhfuil cultúr againn. Is treibh ársa muid, le teanga ar leith, ceol ar leith, agus traidisiúin ar leith. Tá féiniúlacht againn.
Ach is éasca dom é sin a rá. Feicim na mion-éagsúlachtaí idir ár gcultúr agus cultúr tíortha eile.
Is féidir talamh slán a dhéanamh de go smaoiníonn tromlach an domhain ar Guinness, seamróga, agus leipreacháin nuair a chloiseann siad ‘Ireland’.
Gnáth-Éireannach
Is é sin an Theme Park Version. Is iad na rudaí éagsúla pioctha agus leagtha amach chun Na Rudaí Éagsúla a thaispeáint.
Ní íomhá bhréagach é sin i ndairíre, ach íomhá bhunúsach agus easnamhach. Measaim go dtuigeann na daoine sin go bhfuil níos mó leis an tír seo, cé nach bhfuil ach steiréitíopaí ar eolas acu.
Sa bhealach céanna, nuair a chloisetear ‘an Fhrainc’, músclaítear íomhánna de bhuidéil fíona, croissants, agus t-léinte stríoctha dubhghorm agus bán.
Mais oui… bien sûr.
Tá an Theme Park Version sin á bhuanú ag na meáin, litríocht, agus meon an phobail; agus tá rian den fhírinne ann, cé nach é an scéal iomlán.
Músclaíonn ‘’Murca’ íomhánna de mhíreanna móra, gunnaí, agus daoine ag rá ‘have a nice day!’ le miongháire bréige. Neamhchosúil lenár dtír féin, nó leis an Fhrainc, ní dóigh liom go ceapann chuile duine go bhfuil ‘níos mó’ ag baint leis an tír.
Bíonn daoine díspeagúil faoi na Stáit, ag rá go bhfuil easpa cultúir ann. Ní ceart é sin. Níl an cultúr sean, nó chomh aonchineálach, ach tá sé fós ann.
Tháinig mé ar an liosta seo agus mé ag léamh faoi na Stáit tá sé an-suimiúil. Déanann sé cur síos ar rudaí a nascann pobal na tíre le chéile. Dar leo d’aontódh 90% de Mheiriceánaigh leis an méid atá scríofa ar an liosta. Is iad rudaí a ghlacann siad le go bhfuil fíor, toisc iad a bheith ón tír sin.