An Phicnic Leictreach / An Fleadhóg Áibhléiseach

Ní raibh mé ag blagáil liom ar feadh tamall (toisc go raibh mé gafa le hathbheochán Memes na Gaeilge, i measc rudaí eile) ach bím i gcónaí ag baint taitinmh as giolcanna agus tráchtanna ó mhuintir na Gaeilge ar líne. Go raibh maith agaibh uilig!

Bhuel bhí deireadh seachtaine den chéad scoth agam ag an bPicnic (cibé bliain ó shin a mhothaíonn sé anois…!).

Bhí deis agam cúpla dán a rá ag an gCaberet Craiceáilte. Rinne mé leagan nua den dán faoin gCeiliúradh i Londain, ag iarraidh níos mó a tharraingt isteach sa téama céanna.

An fhírinne a rá, chaith mé an deireadh seachtaine uilig sa Phuball Gaeilge, bhí amchlár iontach eagraithe acu, idir na Gaelgáirí, ceol, karaoke, filíocht…srl. Táim ag tnúth go mór leis an bhféile iomlán i nGaeilge atá ag teannadh linn le cúnadh Dé!

Bhuel seo an dán, más maith leat éisteacht leis.

Cac at the Tate Modern

“Oh I don’t really get modern art,” a dúirt comhghleacaí liom nuair a d’inis mé dó go raibh mé ag dul go dtí an Tate Modern i ndiaidh oibre Aoine amháin.

“To me,” lean sé, “some pieces literally look like turds. You just know that everyone must be thinking it, but everyone is afraid to say it.”

Gheall mé dó, dá mba rud go raibh saothar amháin go raibh cuma caca air, déarfainn é ós ard.

Agus ba bheag nár phléasc mé amach ag gáire nuair a chonaic mé an píosa thíos.

“Lightning with Stag in its Glare” ag an Tate Modern.

Ar aon nós, an Luain ina dhiaidh nuair a chonaic mo dhuine mé dúirt sé, “well, how was the cack at the Tate?”

Cheap mé gurb é cac a bhí á rá aige, nó gur tháinig an focal díreach ón nGaeilge agus bhí mé ar bís!

Nuair a rinne mé taighde air, áfach, chonaic mé go bhfuil siad ag roinnt an fréamh céanna, ‘cacare‘ a thagann ón Laidin.

Spreagann sé mé chun alt nó dhó a scríobh ar na focail a tháinig go Sasana uainn, áfach.