Gradam Filíochta Mhichíl Uí hAirtnéide 2015

Comhghairdeas mór le Marcus Mac Conghail agus le Catríona Ní Chléirchín a bhí mar chomhfhaigteoirí Ghradam Filíochta Mhichíl Uí hAirtnéide 2015.

marcusceolbaile

I mbliana bronnadh an duais ar shaothair i nGaeilge ach an bhliain seo chugainn bronnfar í ar shaothar i mBéarla (agus ansin ar shaothar i nGaeilge arís an bhliain i ndhiaidh sin srl!).

Is iad seo a leanas na buaiteoirí a raibh saothar i nGaeilge acu le cúpla bliain anuas:
2002 – Gearóid Mac Lochlainn
2004 – Pádraig Ó Snodaigh agus Seán Ó Curraoin
2006 – Paddy Bushe
2008 – Áine Uí Fhoghlú
2010 – ní raibh duais
2012 – Stiofán Ó Cadhla

Seo an méid a bhí le rá ag na moltóirí maidir le Marcus, “Tá filíocht Mharcuis Mhic Chonghail fréamhaithe sa cheol agus sa saol nua-aimseartha. Tá dánta fuinniúla Beat, liricí áille ciúine agus véarsaí dána dea-ghiúmaracha ina chnuasach Ceol Baile. Tá dúchas na Gaeltachta agus scóp na nua-Ghaeilge cathrach ag saibhriú a chéile ina chuid dánta.”

Bronnfar an duais orthu ag Éigse Mhichíl Uí hAirtnéide i Luimneach ar 16/04.

Is féidir Ceol Baile a cheannach anseo.

Suan Eile le Les Lord

Anuraidh scríobh mé dán, Suan Eile, faoi mo chara Pádraig Schaler.*

Tar éis do Mharcus Mac Conghail é a léamh, chuir sé ceol leis na focail agus rinne sé taifead air, agus ansin chóirigh Les Lord píosa Mharcuis le ‘piano ambient piece’ a dhéanamh as. Nach iontach an forás é sin ag teacht ó dháinín beag ó bharr mo phinn?

Táim díreach tar éis é a chloisteáil, tá sé suaithinseach go deimhin:

*Tá taifead domsa á rá ar an dlúthdhiosca Amhrán do Phádraig, chomh maith leis an bpríomhamhrán iontach Dreamboat.

REIC – Marcus Mac Conghail

Is iontach an scéal é go mbeidh an file (agus amhránaí) Marcus Mac Conghail páirteach san oíche filíochta REIC.

marcus.mac.conghail

Rud iontach a bhaineann le filíocht Mharcuis ná go bhfuil sé compordach leis an rud traidisiúnta agus leis an rud nua-aoiseach araon. Foilsíodh a chéad leabhar, Ceol Baile anuraidh agus faoi láthair tá sé ag obair ar albam a ghabhann leis.

Seo dán ó Ceol Baile a chuir sé in airde ar YouTube inniu.

Leis sin, seo amhrán dá chuid.

Ag súil go mór le tuilleadh a chlositeáil uaidh ar an 19ú de mhí an Mhárta.