Five Lamps Arts Festival 2016

Bhí REIC bliain ar an bhfód mí an Mhárta seo caite, agus bhí oíche againn in Áras Scríbhneoirí na hÉireann, mar chuid den Five Lamps Arts Festival.

Rinne Irish TV taifead ag seoladh na féile, anseo.  (An mhír ag tosú ag 12:00)screenhunter_16-sep-15-14-28

Táimse faoi agallamh ann maidir le REIC, agus tá giota beag díom agus mé i mbun filíochta chomh maith.

Agus mé ag labhairt faoi REIC agus faoina bheith ag scríobh filíochta, deirim gur rud an-choitianta é i measc na nGael. Mar a fheicimse é, scríobhann céatadán suntasach de dhaoine a bhfuil Gaeilge acu filíocht (am éigin, fiú mura scríobhann siad an t-am go léir é!), agus ní rud as an gnáth é.

An aontaíonn sibh liom?

Ar aon nós, d’éirigh go maith leis an oíche (pictiúir anseo!).

Bhain mé sult as roinnt imeachtaí eile de chuid na féile agus táim ag súil le bheith ag obair arís leo an bhliain seo chugainn ar rudaí nua rúndiamhara.

Watch this space!

LÉIGH, ÉIST, FÉACH, REIC!

seamus barra collage

Séamus Barra Ó Súilleabháin. Togha fir. Chonaic mé cúpla rud leis inniu agus is fiú iad a roinnt in aon áit amháin.

1) LÉIGH – Araibis – dán in Southword.

2) FÉACH – Haiki Tuathail – sraith haiku, i Béarla agus i nGaeilge.

3) ÉIST – Muca – traic hip hop a rinne sé le Craos (eisean agus Rob Mulhern).

Agus i ndiaidh sin is uile tar le Séamus a fheiceáil ag REIC ar an 17ú Iúil, sa Generator Smithfield.

REIC 14/05 – Aoife Moore agus Oisín Walsh-Peelo

Físeán snog ó Mo Hat Mo Gheansaí, an banna ceoil ina bhfuil Aoife Moore agus Oisín Walsh-Peelo.

Fainic! Tá an físeán seo an-bheacht go deo agus bím neirbhíseach ag éisteacht leis, ag fanacht ar dhuine dóibh botún a dhéanamh! (Beidh ort éisteacht leis tú féin anois le feiceáil…)

Bí linn ag ag gcéad Reic eile (anseo ar Facebook) le tuilleadh a chloisteáil ó Aoife agus Oisín.

Reic #2 – Rónán Ó Snodaigh

Tá clú ar Rónán Ó Snodaigh agus ar an mbanna ceoil Kíla timpeall na cruinne, mar sin is dócha go bhfuil cur amach agaibh uilig air agus nach gá dom é a chur i láthair.

Tá meas as cuimse agam ar an bhfear, ní hamháin mar cheoltóir den chéad scoth, ach mar liriceoir agus file iontach, agus is mé atá sásta go mbeidh sé ag Reic ar an 14/05.

Féach go bhfuil Misneach na Gaillimhe tar éis filíocht Uí Shnodaigh a scaipeadh timpeall na cathrach leis an ngraifítí seo:

o snodaigh

Scríobhann Rónán i mBéarla agus i nGaeilge araon. Más maith leat teacht ar a chuid stuif, foilsíodh Luscadán in 2003, Songs in 2004, agus The Garden Wars in 2007.

Seo físeán de Rónán agus dán á reic aige.

Bígí linn ag an gcéad Reic eile!

REIC2

REIC

Is mór an feall é nach raibh gíog ná míog asam maidir le Reic i ndiaidh na hócáide.

Ní féidir a rá ach gur éirigh leis an oíche, agus is mé atá sásta. File i ndiaidh file bhíodar iontach, thug siad an lucht féachana leo, agus bhí an seomra líon lán.
Ná creid ar m’fhocal claonta é, áfach, téigh go Tuairisc.ie le léirmheas a léamh!

Áras na Scríbhneoirí agus Reic ar siúl taobh amuigh.

D’fhógair mé ag deireadh na hoíche go mbeadh Reic ar siúl gach mí amach anseo.

Is féidir teacht orainn ar Twitter agus ar Facebook.

REIC – Temper-Mental MissElayneous

Beidh an bhean iontach seo, Elayne Harrington, linn ag REIC ar an 19ú de mhí an Mhárta. Seans go bhfuil aithne agaibh uirthi ón gclár Connected ar RTÉ, a raibh sí páirteach ann anuraidh.tmm4

Baile Átha Cliathach is ea Elayne, a mheascann hip-hop agus an focal labhartha le chéile lena teachtaireacht a chur in iúl don lucht féachana. Níl aon dabht ach go bhfuil a stíl féin aici agus geallaim daoibh gur iomaí duine a bheidh i láthair ag REIC ag rá nach raibh a leithéid riamh feicithe acu.

Is iontach an rud é go mbeidh sí linn. Seo sampla amháin dá cuid saothair:

Tá neart samplaí eile ar fáil ar YouTube, agus cúpla agallamh chomh maith.

REIC – The Irish People’s Poetry Prize 2015

An tseachtain seo caite fógraíodh an gearrliosta don Irish People’s Poetry Prize 2015.

Dáréag atá ainmnithe, agus beirt a bheidh ag REIC ina measc: Eva O’Connor agus Séamus Barra Ó Súilleabháin. Comhghairdeas leo beirt!

Ach níor fhoilsigh mé blagmhír maidir le Séamus go fóillín.

Mura bhfuil cur amach agat air; saolaoídh i Londain é Séamus ach tógadh é i gCiarraí Thuaidh.

Sárfhile atá ann, a bhuaigh an All Ireland Poetry Slam sa bhliain 2011 (d’ainneoin nach raibh Gaeilge ag an gcuid is mó den lucht féachana).

Chuala mise den chéad uair é lá amháin agus mé ag feckáil timpeall ar YouTube agus is ormsa a bhí an t-iontas. Ó shin bhí an t-ádh orm é a fheiceáil agus é ar a bhuaic ag Electric Picnic, ag IMRAM, agus ag an gCabaret Craiceáilte.

Seo an dán dá chuid atá ainmnithe don Irish People’s Poetry Prize: