Chuala mé an focal bolgchaint den chéad uair inné.
An bhfuil a fhios agat céard is brí leis?
B’fhéidir an torann a chloistear go minic san oifig deich nóiméad roimh an lón, nuair atá gach éinne stiúgtha leis an ocras?
Ní hea!
Seo leid duit: chuala mé an focal agus mé ag GaelGÁIRÍ i mBéal Feirste.
Bhí Sean T. O’Meallaigh ar stáitse le Pato, an puipéad atá aige.

Bhfuil tuairim agat go fóill?
An Béarla ar bholgchaint ná ventriloquism. Sin ceann de na focail atá úsáidte minic go leor, ach bheadh sé an-deacair teacht ar Bhéarlóir a mhíneodh duit cén fáth a gciallaíonn ventriloquism ‘duine ag caint le puipéad’.
Aistrithe ón Laidin, is é bolgchaint go díreach an bhrí atá le ventriloquism.
Venter = bolg
Seans go mbeadh cuimhne agat ar ventral agus a mhalairt, dorsal, ón mbitheolaíocht ar scoil.
Agus go deimhin an focal ventricle, mar a bhíonn sa chroí, tá an chiall ‘bolg beag’ leis sin.
Loqui = caint
Tá rian an fhocail sin le feiceáil in eloquent, loquacious, agus colloquial.
Tá soliloquy ar eolas againn ar fad chomh maith – sin duine amháin (solo!) ag caint.