Agus mé ar an ollscoil bhí mé in ann mo chuid scríbhneoireacht a fheiscint sna hirisí ar champas. Fiú taobh amuigh de Tríonóide, bhí i gcónaí daoine ann go mbeinn in ann labhairt le faoina gcuid scríbhneoireachta. Sa chaoi sin, mhothaigh sé tábhachtach agus ábhartha.
Airím uaim é sin i Londain, ní bhíonn na hirisí agam, nó an caint sin, ní bhíonn sprioc agam sa bhealach céanna, agus ní bhím ag scríobh chomh minic.
Dom féin a spreagadh táim chun na dánta a dhéanaim a fhágail anseo. Fiú mura léann éinne iad, tá sé deas go bhfuil mé ag cur leis an mionlach beag den idirlíon nach bhfuil déanta as porn nó grianghraif de chait.
An Óige
Mol an óige agus tiocfaidh sí.
Labhair leo agus cloisfidh siad.
Bí gan ionadh nach n-éistíonn siad.
S’ nuair a fhilleann do dheirfiúirín oíche fhliuch, trína chéile,
tar éis do chomhairle, do thrust, is do ghrá a shéanadh,
tóg i’d bhaclainn í, ná lig di
preabadh amach an fhuinneog
leis na snaganna móra ag teacht óna croí.
Éist léi agus labhróidh sí.
Beidh am don fhearg, agus nuair a thagann an t-am sin
ní bheidh aon fhearg fágtha.
Bíodh ionadh álainn ort nuair a ardaíonn a ceann cromtha
agus lena súile lán le salann ‘s a gruanna fliucha,
go dtagann na focail seo óna béal caol:
‘Ní thagann ciall roimh aois.’
Coimeád greim uirthi, agus tiocfaidh sí ar ais
arís is arís.