Mar a dúirt mé cheana, is é bronntanas (nó ‘offering’ fiú) an bhrí atá leis an bhfocal dán, agus tar éis do Shéamus an dán seo a thaifead in ainm REIC, is oiriúnach ar fad é mar fhocal.
Bígí linn ar an 19ú; tá dream dána ildánach i dán daoibh.
Dáréag atá ainmnithe, agus beirt a bheidh ag REIC ina measc: Eva O’Connor agus Séamus Barra Ó Súilleabháin. Comhghairdeas leo beirt!
Ach níor fhoilsigh mé blagmhír maidir le Séamus go fóillín.
Mura bhfuil cur amach agat air; saolaoídh i Londain é Séamus ach tógadh é i gCiarraí Thuaidh.
Sárfhile atá ann, a bhuaigh an All Ireland Poetry Slam sa bhliain 2011 (d’ainneoin nach raibh Gaeilge ag an gcuid is mó den lucht féachana).
Chuala mise den chéad uair é lá amháin agus mé ag feckáil timpeall ar YouTube agus is ormsa a bhí an t-iontas. Ó shin bhí an t-ádh orm é a fheiceáil agus é ar a bhuaic ag Electric Picnic, ag IMRAM, agus ag an gCabaret Craiceáilte.
Seo an dán dá chuid atá ainmnithe don Irish People’s Poetry Prize: