Físeáin nua

Is annamh an rud teacht ar fhíseán Gaeilge ar YouTube trí thimpiste, go háirithe le feiceáil nach bhfuil sé ar an suíomh ach ar feadh míosa anois. Is annamh agus is iontach.

Níor chuala mé trácht go dtí seo ar Athbheohemia, an bhuíon a rinne na físeáin seo, ach dar leo, ” [We] are a Celto-futurist collective of confusing heritage fusion heretics.”

Tá dhá fhíseán ó Athbheohemia ar an gcainéal YouTube sin. Mholfainn breathnú orthu.

An ceann seo (i nGaeilge) a chuir ag gáire mé:

Agus an ceann seo (i mBéarla) faoin leipreachán, físeán as a dtagann an abairt iontach a leanas:

“… it is weird that we have to have actual dedicated tourist shops on our high streets because the image of Ireland they sell is so separated from our actual culture.”

Athrú: Tá mé tar éis fáil amach gur ó 2009 atá na físeáin (nó an chéad cheann ar aon nós) Maith dom an botún! (Tá díoma orm ar bhealach mar chiallíonn sé nach bhfuil slua Gaeilgeoirí/scannánóirí óga nua i mBÁC ag cruthú físeáin greannmhara i láthair na huaire!)

Fón cliste

Dúirt duine liom i rith na seachtaine go bhfuil an téarma fón cliste débhríoch.

‘Conas?!’, a dúirt mé.

IMG_2375

Bhuel, toisc go gciallaíonn cliste briste, chomh maith le smart!

Ní raibh an focal sin in úsáid agam seachas maidir le Cliseadh Shráid Wall (The Wall Street Crash).

Ar aon nós, tuigim anois go bhfuil sé débhríoch agus mar sin molaim go n-úsáidfimid fón cliste i gcomhair smartphone, agus fón cliste cliste i gcomhair smartphone atá briste.

Agus mura bhfuil smartphone agat ach tá do fón briste? Eh… seachain an focal cliste mura bhfuil tú ag iarraidh mearbhall a chur ar daoine!

IMG_2379

Teangacha i mbaol

Image

Rinne mé an léaráid thuas ó abairt a léigh mé in alt atá ar líne anseo.

Bhí mé ar an ollscoil sular thuig mé i gceart gur mionteanga í an Ghaeilge cosúil le haon mhionteanga eile ar an domhan seo agus go bhfuil siad uilig ag fáil báis.

Is próiseas simplí é. Ar chúiseanna éagsúla, bíonn chumhacht ag cainteoirí na teanga is mó i gcónaí. I gcás Éire is í sin an Béarla, dar ndóigh. Bíonn brú ar cainteoirí na Gaeilge an teanga cheannasach a úsáid, in ionad an mhionteanga.

Tugtar iompú teanga (language shift) ar an athrú sin ó mhionteanga go teanga atá níos cumhachtaí ná í. Tarlaíonn iompú teanga nuair atá dátheangachas éagobhsaí (unstable bilingualism) i. nuair a úsáidtear níos mó ná teanga amháin, ach bíonn ceann amháin acu níos láidre agus úsáidtear níos minice í, go dtí go bhfuil ról na teangacha atá i mbaol go hiomlán tógtha ag an teanga eile sin. 

Sa bhealach seo, mar thoradh den mórcheannas (hegemony), neamhshuim agus de chúiseanna eile, imíonn teangacha.

Tá i bhfad níos mó le rá ar an ábhar seo, ach tá fhios agam nach bhfuil mé in ann an cás ar fad a plé in alt amháin. Níl mé críochnaithe (níl mé fiú tosaithe!) ar an méid atá le scríobh ar an ábhar. Tiocfaidh mé ar ais le ceisteanna mar sin: 

  • Cén fáth go bhfuil teangacha i mbaol?
  • An bhfuil sé nádúrtha go n-imeodh teangacha? An cheart dúinn rúaí a dhéanamh faoi?
  • Cén tábhacht atá ag teangacha maidir le cultúr de?

 

 

An t-anann

An t-anann

Bhuel tar éis an aiste fada sin a chuir ar an mblag bheartaigh mé rud níos eadroime a thaispeáint daoibh.

Nuair a thug Christopher Colambas an t-anann ar ais leis bhí mearbhall ar na daoine sa Spáinn agus san Eoraip i gcoitinne.

Ghlaoigh siad “pineapple” air i mBéarla toisc go raibh cosúlachtaí soiléir idir an toradh sin agus an “pineapple” a bhí acu san Eoraip.  Is é “pineapple” an focal a bhí in úsáid i gcomhair “pinecones” ag an am. Níor thainig an focal “pinecone” isteach go dtí na Continue reading