Croíthe Radacacha ar TG4

This is a documentary about ‘the love that dares not speak its name’ – found at the very heart of the Irish Revolution. B’iontach bheith bainteach leis an scannán cumhachtach seo.

It premiered at the Galway Arts Festival i mbliana, agus bhí sé ar TG4 i rith na seachtaine. Mholfainn go mór é!

Trailer here:

Fiosróidh Ciara Hyland an scéal a bhain le hocht lánúin mná a choinnigh a gcaidreamh faoi cheilt aimsir na Réabhlóide in Éirinn. Bhí siad ar fad lárnach sa bhfeachtas le hÉire a fhuascailt ó Impireacht na Breataine. Is beag atá ráite faoi fúthu go dtí seo mar nár glacadh leo agus leis sin is beag áit a tugadh dóibh sa stair. Mná as an ngnáth ab ea na mná seo – iad radacach ó thaobh na polaitíochta, an fheimineachais agus an tsóisialachais agus iad meáite ar chúrsaí saoirse agus comhionannais. Grá faoi cheilt le linn na Réabhlóide in Éirinn is ábhar don chlár seo.

The hidden stories of eight female couples who were central in the fight that freed Ireland from the British Empire. Ar fáil ar Sheinnteoir TG4 anseo.

The GALAs 2023

Tháinig AerachAiteachGaelach sa chéad áit i gcatagóir na nEalaíon agus na Siamsaíochta i ngradaim náisiúnta LADTA+ na nGALAS, agus muid san iomaíocht le grúpaí agus taibheoirí sa dá theanga ó cheann ceann na tíre. AAG queer arts collective came first in the Arts & Entertainment category of the national LGBTQ+ awards, the GALAS.

Chuir Eoin Mc Evoy agus mé féin an grúpa ar bun sa bhliain 2020 in Amharclann na Mainistreach agus tá os cionn 90 ealaíontóir ag plé leis anois. Is féidir tuilleadh a léamh faoin ngrúpa ag https://www.aerachaiteachgaelach.net. Eoin McEvoy and I established the group in the Abbey Theatre in 2020 and we have since that time gathered 90 Irish-speaking artists together for plays, workshops, performances and festivals.

Comhghairdeas freisin le Bród na Gaeltachta freisin as an duais a bhaint sa chatagóir Ócáid na Bliana. Congratulations to Bród na Gaeltachta too for their award in the Event of the Year category.

Is an-bhua do phobal na Gaeilge trí chéile é gur bhain dhá eagraíocht Ghaeilge duaiseanna sa chomórtas náisiúnta seo. More info on the GALAs here in GCN.

Scéalta Grá na hÉireann

Ba dheas liom bheith bainteach leis an gclár seo faoi Eleanor Butler & Sarah Ponsonby.

Is féidir féachaint air anseo.

Scéal draíochtúil a chuaigh in aghaidh ghnáis an 18ú haois agus atá fós suimiúil sa lá atá inniu ann. Bhí Eleanor Butler, ó Chaisleán Chill Chainnigh, agus Sarah Ponsonby, dílleachta uasal, meáite ar a bheith le chéile, sháraigh siad noirm shóisialta rud a chruthaigh scannal ag an am. An raibh siad ina leannáin rúnda? Tá ráflaí agus tuairimíocht ar siúl leis na céadta bliain, ach tá rud amháin cinnte: is é seo an scéal grá LADTA+ is mó in Éirinn. Chuir na mná seo gach rud i mbaol trí mhian a gcroí a leanúint, iad ag réiteach an bhealaigh do na glúnta a tháinig ina ndiaidh le go mbeidís ábalta an saol a chaitheamh agus grá a thabhairt ar a gcomhairle féin.

Tús Áite in Street 66

Clár speisialta ag comóradh 30 bliain ó déanadh díchoiriúlú ar an homaighnéasacht in Éirinn. B’iontach bheith ar an bpainéal. Dúradh liom gurbh é an chéad chraoladh beo RnaG ó bheár aerach.

Is féidir éisteacht siar leis ar RTÉ RnaG anseo.

An plé painéal: Fachtna Ó Drisceoil, RTÉ Raidió na Gaeltachta, John Walsh, Ciara Ní É, Lisa Nic an Bhreithimh, Traolach Ó Buachalla, Eoin Ó Catháin

Bhí seoladh ag Comhar ar an oíche chéanna, don mhóreagrán aiteach, atá téagartha agus lán-eolais.

Na pics ardchaighdeán le Seán Ó Mainnín – a thuilleadh ar Thuairisc anseo.

International Literature Festival Dublin

Buíochas le gach duine ag an ILF i mbliana. I was performing in three events this year agus abair seachtain!

I hosted the bilingual Glórtha Aiteacha event to launch Shout Out’s inspiring publication, perfect for young people who are LGBTQ+ or anyone who wants to learn more about the queer experience. We had a really rich evening of readings and chats.

Léigh mé cúpla dán as Gaeilge (agus na haistriúcháin) ag imeacht in ómós do Bhreandán Ó Beacháin. Ócáid lán ceol a bhí ann, mar aon le hagallaimh spéisiúla faoi shaothar agus bheatha Uí Bheacháin. Donal Talbot and Macdara Yeates are to be commended for the variety and depth covered over the course of the evening, agus bhí béim nach beag ar an nGaeilge leis.

Bhí sé de phribhléid agam a bheith mar bhean an tí ag CNAG: Ceabairé Neamhleithscéalach Aiteach Gaelach (An unapologetic queer and Gaelic cabaret). Féachaigí ar an gcliar seo!

Míle buíochas arís le gach duine a d’eagraigh agus a ghlac páirt sna himeachtaí thuas. Agus buíochas mó leis an aimsir dheas thirim dar ndóigh.

Washing Windows III

Washing Windows III is top of the paperback non-fiction charts.

Well done to 100 women who contributed poems to this collection, co-edited by Alan Hayes and Nuala O’Connor for Arlen House. Míle buíochas libh beirt!

And a huge thanks to Nuala for the kind mention in her introductory essay, wasn’t expecting that!

It is a beautiful book both in content and appearance, dedicated the late Pauline Bewick and the living legend Ailbhe Smyth.

What a gorgeous project and what a thrill to reach #1. Comhghairdeas libh a mhná!

Grindr, Saghdar ⁊ Cher ag an IDGTF

Hup scraitheachaí!

Bhí Grindr, Saghdar ⁊ Cher ar siúl ar feadh trí oíche san International Dublin Gay Theatre Festival agus d’éirigh go maith linn!

Buíochas mór le foireann AerachAiteachGaelach as an gcúnamh an léiriú a chur ar siúl gach oíche gan stró, agus buíochas ollmhór do gach éinne a tháinig chun muid a fheiceáil.

Bhíomar sona sásta léirmheas ceithre réalt a fháilt – is féidir é sin a léamh anseo.

Agus nach deas go bhfuaireamar cúpla ainmniúchán ag móroíche na féile freisin. Beidh an seó seo ag dul ar an mbóthar… coinnígi súil amach!

Scríobhamar amhráin!

Bhí ríméad orm bheith sa stiúideo le James Shannon agus Ben Shorten (Woodheart) don chlár An Seisiún.

Táim ag súil le níos mó ceoil a úsáid i mo shaothar agus ba dheis iontach é domsa bheith ag comhoibriu leis an mbeirt cheoltóirí iontacha sin, agus Karl Odlum mar léiritheoir.

Éist anseo: An Seisiún RTÉ RnaG

Buíochas mór chomh maith le Cian Mac Cárthaigh, Lisa McGeough agus Fearghal Saxe.