Ciara Ní É – Saol Trí Ghaeilge

Má chaill tú aréir é, tá an clár Ciara Ní É – Saol Trí Ghaeilge ar fáil ar Sheinnteoir TG4 anseo.

WhatsApp Image 2020-05-07 at 09.57.50 (1)

Seoladh an oiread sin tweetannaí áille ar an haischlib #SaolTríGhaeilge. D’ardaigh sé mo chroí iad a léamh.

Tá mé ag mothú sách uaigneach faoi láthair, gan a bheith i measc na nGael go rialta mar a bhíonn sa ghnáthshaol, idir imeachtaí i mBÁC agus ócáidí speisialta ar fud na tíre. (Ba chóir dom bheith ag Féile na Bealtaine an deireadh seachtaine seo caite. Ochón!)

Ghlac mé misneach as na freagraí uile agus léigh mé gach ceann acu. Míle buíochas!

WhatsApp Image 2020-05-07 at 09.57.50

Bhain mé an-sult as an gclár a chur le chéile, agus a bheith ag obair le criú den scoth, mar a luaigh mé le hÁine Ní Bhreisleáin ar Bladhaire. 


THE IRISH NEWS

Ta muid sean agus óg, meánaicmeach agus den lucht oibre, stróiceann muid mionnaí móra agus deir muid ár bpaidreacha.

Tá muid chomh héagsúil le dream ar bith eile ar domhan.

Alt le Robert McMillen anseo.


Tuairisc

Bhí dreasanna deisbhéalacha filíochta againn ó Chiara go minic agus go nádúrtha pointeáilte a chuir sí caint ar a cuid aíonna.

Léirmheas le Breandán M Mac Gearailt anseo.



Seo cúpla tvuít spéisiúil freisin:

5 thoughts on “Ciara Ní É – Saol Trí Ghaeilge

  1. Eoin Mac Lochlainn, visual artist May 8, 2020 / 11:40 am

    Chonaic mé do chlár aréir a Chiara agus bhí sé go h-iontach, fairplay dhuit. Wow, ach chuir sé imní orm freisin. Tógadh mise le Gaeilge i mBÁC (fadó!) agus tugann se árdú meanmann dom an méad Gaeilgeoirí óga atá le cloisint na laethanta seo

    • miseciara May 8, 2020 / 3:12 pm

      Míle buíochas a Eoin! Is maith a bheith imníoch mar níl an Ghaeilge slán faoi láthair… ach nár laga dia na díograiseoiri! Beidh linn!

  2. D Ní M May 11, 2020 / 7:11 pm

    Maith thú Ciara – chonaic mé an chlár inniu at an player. Bhain mé an-taitneamh as!. Ní ghaeilgeor, nó as an Ghaeltacht mé, ach i mo theaglach agus sin de mo dheirfiur ni bíonn ach Gaeilge á labhairt againn, agus táimid ag tógail suas ár gcuid bpaistí trí Ghaeilge. Is í an fhadb mhór atá agamsa ná nuair a fhághaim an teach fáil amach cá bhfuil fáilte orm cúpla focal a usáid nuair a déanaim mo chuid ghnó. Bá bhrea liom dá mbeadh sé ina chomharta i bhfuinneog siopa ‘ gaeilge fáilte anseo’, agus ansin bheadh mé in ann mo shiopadóireacht á dhéanamh trí ghaeilge! Fiú na taitneamhachtaí at a laghad. Ina ionad sin, tá sé deacair bheith commute dá mbeadh fáilte orm ‘dia dhuit’, ‘cé mhéad’ agus ‘go raimh míle..’ a usáid i Easons, Tesco nó Arnotts mar shampla!

    • miseciara December 8, 2020 / 9:51 am

      Haigh a chara, GML ní fhaca mé do theachtaireacht go dtí díreach anois! Cinnte, déanaim iarracht Gaeilge a úsáid agus mé ag siopadóireacht. Fiú le “Go raibh maith agat” a rá… go minic tuigtear mé agus freagraítear “tá fáilte romhat”. Go n-éirí leat!

Leave a comment