Five Lamps Arts Festival 2016

Bhí REIC bliain ar an bhfód mí an Mhárta seo caite, agus bhí oíche againn in Áras Scríbhneoirí na hÉireann, mar chuid den Five Lamps Arts Festival.

Rinne Irish TV taifead ag seoladh na féile, anseo.  (An mhír ag tosú ag 12:00)screenhunter_16-sep-15-14-28

Táimse faoi agallamh ann maidir le REIC, agus tá giota beag díom agus mé i mbun filíochta chomh maith.

Agus mé ag labhairt faoi REIC agus faoina bheith ag scríobh filíochta, deirim gur rud an-choitianta é i measc na nGael. Mar a fheicimse é, scríobhann céatadán suntasach de dhaoine a bhfuil Gaeilge acu filíocht (am éigin, fiú mura scríobhann siad an t-am go léir é!), agus ní rud as an gnáth é.

An aontaíonn sibh liom?

Ar aon nós, d’éirigh go maith leis an oíche (pictiúir anseo!).

Bhain mé sult as roinnt imeachtaí eile de chuid na féile agus táim ag súil le bheith ag obair arís leo an bhliain seo chugainn ar rudaí nua rúndiamhara.

Watch this space!

REIC – The Irish People’s Poetry Prize 2015

An tseachtain seo caite fógraíodh an gearrliosta don Irish People’s Poetry Prize 2015.

Dáréag atá ainmnithe, agus beirt a bheidh ag REIC ina measc: Eva O’Connor agus Séamus Barra Ó Súilleabháin. Comhghairdeas leo beirt!

Ach níor fhoilsigh mé blagmhír maidir le Séamus go fóillín.

Mura bhfuil cur amach agat air; saolaoídh i Londain é Séamus ach tógadh é i gCiarraí Thuaidh.

Sárfhile atá ann, a bhuaigh an All Ireland Poetry Slam sa bhliain 2011 (d’ainneoin nach raibh Gaeilge ag an gcuid is mó den lucht féachana).

Chuala mise den chéad uair é lá amháin agus mé ag feckáil timpeall ar YouTube agus is ormsa a bhí an t-iontas. Ó shin bhí an t-ádh orm é a fheiceáil agus é ar a bhuaic ag Electric Picnic, ag IMRAM, agus ag an gCabaret Craiceáilte.

Seo an dán dá chuid atá ainmnithe don Irish People’s Poetry Prize: